Polasaí Tréadchuraim

 

Tinneas agus Timpistí:

Ní mór do mhúinteoirí an bhainistíocht a chur ar an eolas faoi aon timpiste nó tinneas a bhíonn ag scoláire.  Déanfaidh an bhainistíocht teagmháil leis na tuismitheoirí agus iarrfar orthu teacht agus a bpáiste a bhailiú ón scoil.  Munar féidir sin, déanfar socrúcháin d’fhonn an páiste a thabhairt abhaile (cibé múinteoir a bheadh saor ag an am, nó ball den mbainistíocht).  Ní mór don scoil i gconaí uimhreacha theagmhála a bheith aici don tuismitheoir/caomhnóir (nó ionadaí eile ainmnithe – duine fásta freagrach – sa gcás nach bhfuil an tuismitheoir ar fáil).

 

I gcás éigeandála, tabharfar an scoláire chuig an dochtúr nó ospidéal, agus cuirfear tuismitheoir ar an eolas chomh luath agus is féidir.  Ní mór do thuismitheoirí cinntiú go bhfuil an t-eolas riachtanach leighis tugtha acu ar fhoirm chlárúcháin na scoile.  Ní mór do thuismitheoirí, i gcás go dtagann aon athrú ar shláinte an pháiste, sin a chur in iúl do údarás na scoile.  Tá bindealáin ar fáil do scoláirí i gcás mion-thimpistí

(m.sh. le linn ranganna praiticiúla).

 

Bás:

Beidh tuiscint ag foireann na scoile ar an tionchar a bhíonn ag bás ar mhicléinn agus foireann na scoile, go háirithe más gaol gairid nó comhscoláire atá i gceist.  Déanfar gach iarracht comhairleoireacht a chur ar fáil más cuí.  Déanaimid comhoibriú leis na húdaráis ábharacha, m.sh. Bord Sláinte an Iarthair, na seirbhísí siceolaíochta, &rl.

 

Eagraíochtaí Tacaíochta:

Tabharfar cuireadh do ionadaithe eagraíochtaí cosúil leis na Samaritans, an AA, Bord Sláinte an Iarthair, &rl. chun labhairt le scoláirí, tuismitheoirí agus múinteoirí faoi chúrsaí a bhfuil tionchar acu ar shaol an duine óig.  Bíonn billeoga eolais le huimhreacha teileafóin a bhaineann le heagraíochtaí tacaíochta ar fáil ins an scoil.

 

Bulaíocht:

Tá cód frith-bhulaíochta ag an scoil.  Tacaimid le haon straitéis frith-bhulaíochta.

 

Ranganna Teagasc Críostaí, O.S.S.P., O.S.P.S.:

Cuirtear ranganna Teagasc Críostaí, O.S.S.P. agus O.S.P.S. ar fáil ina gcothaitear acmhainní shóisialta agus mhórálta na scoláirí.  Spreagtar iad chun bheith páirteach i ngníomhaíochta carthanachta, mar chuid d’fhorbairt a gcoinsias shóisialta.


Faofa ag Coiste Gairmoideachais Cho. na Gaillimhe 20/01/09