Polasaí Úsáide inghlactha.

 

Úsáid sábháilte, cóir & tuiscineach ar chórais Theicneolaíochta Fáisnéise & Cumarsáide Colaiste Cholmcille

 

 

Coláiste Cholmcille

Indreabhán

 

Is é aidhm an Pholasaí Úsáide Inghlactha a chinntiú go bhfaighidh daltaí buntáistí as na deiseanna foghlama as acmhainní Idirlín na scoile ar bhealach sábháilte agus éifeachtach. Féachtar ar úsáid agus rochtain Idirlín mar acmhainn agus mar phribhléid scoile. Mura gcomhlíontar polasaí AUP na scoile mar sin tarraingeofar siar an phribhléid agus gearrfar smachtbhannaí cuí – mar atá leagtha amach san AUP.

Tá sé i gceist go ndéanfaidh ionadaithe scoile agus tuismitheoirí athbhreithniú gach bliain ar an AUP. Sula síneofar é ba chóir an AUP a léamh go cúramach lena léiriú go dtuigtear agus go nglactar le coinníollach na húsáide.

 

……………………………………………………………………………..……………

Straitéis na Scoile

Bainfidh an scoil leas as roinnt straitéisí chun cur chomh mór agus is féidir le deiseanna foghlama agus le rioscaí a bhaineann leis an Idirlíon a laghdú. Is iad na straitéisí na cinn seo a leanas:

 

 

Go Ginearálta

 

  • Beidh scoláire freagrach as úsáid a fhearais ríomhaireachta féin.
  • Bainfear leas as bogearraí scagtha agus/nó córais chomhionainn (riaraithe ag an NCTE/GRETB) chun an riosca a bhaineann do nochtadh d’ábhar míchuí a laghdú. Déanfaidh an scoil monatóireacht rialta ar úsáid idirlín na ndaltaí.
  • Cuirfear oiliúint ar fáil do dhaltaí agus do mhúinteoirí maidir le sábháilteacht Idirlín.
  • Ní cheadófar íoschóipeáil nó uaslódáil a dhéanamh ar bhogearraí nach mbeidh ceadaithe.
  • Bainfear leas as bogearraí cosanta víreas agus tabharfar é cothrom le dáta go rialta.
  • Beidh cead ón múinteoir riachtanach áis stórála pearsanta nó fearais eile teicneolaíochta a úsáid sa scoil.
  • Cleachtóidh na daltaí dea “netiquette” (i.e., etiquette ar an Idirlíon) ag gach tráth agus ní thabharfaidh siad faoi aon ghníomh a tharraingeoidh droch-cháil ar an scoil.

 

An Gréasán Domhanda

 

  • Ní rachaidh mic léinn ar an idirlín ach de reir Polasaí, Treoracha & Deá-Chleachtais aitheanta Coláiste Cholmcille.
  • Ní rachaidh mic léinn chuig láithreáin idirlín ar a mbeidh ábhair mhí-oiriúnach, mídhleathacha, fuatha nó a bheidh míchuí ar bhealach eile.
  • Is le haghaidh cúrsaí oideachais amháin a bhainfidh daltaí úsáid as an idirlín.
  • Beidh eolas ag daltaí ar cheisteanna cóipcheart a bhaineann le foghlaim ar line.
  • Ní dhéanfaidh daltaí nochtadh nó foilsiú ar eolas pearsanta.

·      Beidh a fhios ag daltaí go bhfeadfadh aon úsáid lena n-áirítear eolas a dháileadh nó a fháil, cíbe obair scoile nó nithe pearsanta a bheith faoi mhonatóireacht ó thaobh ghníomhaíocht,neamhghnách, slándáil, nó cúiseanna bainistíochta gréasáin.

Ríomhphost

·      Úsáidfidh daltaí cuntais ríomhphoist cheadaithe faoi mhaoirseacht nó cead múinteora

  • Ní sheolfaidh agus ní bhfaighidh daltaí aon ábhar a bheidh mídhleathach, graostach ná míchúiteach nó a bhfuil sé I gceist leis cur as do dhuine eile nó imeaglú a dhéanamh air.
  • Ní fhoilseoidh daltaí a sonraí pearsanta féin ná sonraí daoine eile, nithe mar sheoltaí nó uimhreacha fóin nó pictiúir.
  • Ní shocróidh daltaí cruinniú casadh go fisiciúil le haon duine.
  • Tabharfaidh daltaí ar aird gur faoi réir chead óna múinteoir a fhéadfaidh daltaí aguisíní le ríomhphoist a fháil agus a sheoladh.

 

Comhrá Idirlín

  • Ní bheidh rochtain ag daltaí ar sheomraí comhrá, ar fhoraim chomhrá agus ar forlaim leitreonacha comarsáide eile ach de réir mar a bheidh ceadaithe ag an scoil
  • Ní bheidh rochtain ag daltaí ar sheomraí comhrá, ar fhóraim chomhrá agus ar fhoraim leictreonacha cumarsáide eile ach amháin do chríocha oideachais agus beidh sin faoi mhaoirseacht ag gach tráth.
  • Bainfear úsáid as ainmneacha usáideoirí chun fíorcheannacht a cheilt.
  • Beidh cosc iomlán ar chruinniú duine le duine trí chruinniú a bheidh eagraithe via comhrá Idirlín.

 

Gréasán Scoile.

  • Tabharfar deis do dhaltaí tionscadail, obair ealaíne nó obair scoile a fhoilsiú ar an nGréasán Domhanda.
  • Déanfaidh múinteoir comhordú ar fhoilsiú obair daltaí.
  • Foilseofar obair dhaltaí i gcomhthéasc oideachais ar leathanaigh Greasáin le fógra cóipchirt a choscfaidh cóipeáil obair den sort sin gach cead sonrach i scríbhinn.
  • Ní fhoilseofar grianghraif dhigiteacha, clipeanna eisteachta nó fise de dhaltaí aonair ar an ngréasán scoile. Díreoidh grianghraif agus clipeanna éisteachta agus físe ar gníomhaíochtaí grúpaí.
  • D’fheadfadh clipeanna físe cosaint pasfhocal a bheith ag dul leo.
  • Fágfar amach eolas pearsanta faoi dhaltaí mar sheoladh baile agus sonraí teagmhála den leathanach gréasáin scoile.
  • Beidh úinéireacht ag daltaí fós ar an gcoipcheart ar aon obair fhoilseofar.

 

Reachtaíocht

Soláthróidh an scoil eolas ar an reachtaíocht seo a leanas maidir le húsáid an idirlín agus ar choir do dhaltaí, do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí dul i dtathaí uirthi ;

 

  • An Bille um Gháinneáil ar leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí
  • 1993 An tAcht Tascartha
  • An tAcht um Fhístaifeadtaí, 1989
  • An tAcht um Chosaint Sonraí

 

Struchtúir Thacaíochta

Cuirfidh an scoil eolas ar fail do dhaltaí agus do thuismitheoirí faoi phríomh struchtúir agus eagraíochtaí tacaíochtaí a bhíonn ag déileáil le hábhar mídhleathach agus úsáid dhochrach an idirlín.

 

Smachtbhannaí

D’fheadfadh gníomh discipline teacht as mí-úsáid a bhaint as an idirlín, lena n-áirítear tarraingt siar pribhléidí rochtana agus i gcásanna tromchúiseacha fionraí nó díbirt. Tá sé de cheart ag an scoil freisin aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha a thuairisciú chuig na húdaráis chuí.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Féach le do thoil ar an bPolasaí Úsáide Inghlactha, sínigh agus cuir ar ais an fhoirm cheada seo chuig an Scoil.

 

Coláiste Cholmcille

 

 

Ainm an Dalta:        ______________________

Rang:            ______________________
Dalta

Comhaontaím Polasaí Úsáide Inghlactha na scoile a leanúint maidir le húsáid an Idirlín. Bainfidh mé úsáid as an Idirlíon ar bhealach freagrach agus comhlíonfaidh mé na rialacha ar fad a mhíneoidh an scoil dom.

 

Siniú:________________________      Dáta:________________

 

Tuismitheoir/Caomhnóir

Mar thuismitheoir/Caomhnóir dlíthiúil an dalta thuas tá an Polasaí Úsáide Inghlactha léite agam agus tugaim cead do mo mhac nó iníon  rochtain a dhéanamh ar an Idirlíon.  Tuigim go bhfuil rochtain Idirlín leagtha amach chun críocha oideachais. Tuigim freisin go bhfuil gach réamhchúram réasúnach glactha ag an scoil  chun soláthar a dhéanamh do shábháilteacht ar líne ach ní féidir freagracht a bheith ar an scoil  má dhéanann daltaí rochtain ar ghréasáin mhí-oiriúnacha.

Glacaim leis an alt thuas □                                    Ní ghlacaim leis an alt thuas □

(Cuir tic sa bhosca cuí)

 

Maidir le gréasán na scoile tuigim sa chás gur cuí leis an scoil sin  gur féidir obair scoile mo linbh a roghnú le cur ar ghréasán na scoile. Tuigim téarmaí an Pholasaí Úsáide Inghlactha agus glacaim leo  maidir le hobair leanaí a fhoilsiú ar   ghréasán na scoile.

Glacaim leis an alt thuas □                                    Ní ghlacaim leis an alt thuas □

(Cuir tic sa bhosca cuí)

 

Síniú:     _____________________________         Dáta:               _________________

 

 

Seoladh: _____________________________         Teil:               _________________

 

_____________________________