GNÁSANNA FRITHBHULAÍOCHTA
BUNSCOILE
AGUS IAR-BHUNSCOILE
Meán Fómhair 2013

Clár 1. RÉAMHRÁ AGUS CREAT DLÍTHIÚIL ………………………………………………………………………………………… 3
1.1 TÚS EOLAIS ………………………………………………………………………………………………………………………………. 3 1.2 CEANGLAS AR GACH SCOIL BEARTAS FRITHBHULAÍOCHTA A BHEITH AICI, MAR CHUID DÁ CÓD IOMPAIR …………….. 3 1.3 GNÁSANNA FRITH-BHULAÍOCHTA BUNSCOILE AGUS IARBHUNSCOILE ……………………………………………. 4 1.4 ACHOIMRE AR NA PRÍOMHEILIMINTÍ …………………………………………………………………………………………… 5 2. SAINMHÍNIÚ AGUS CINEÁLACHA BULAÍOCHTA …………………………………………………………………… 9
2.1 SAINMHÍNIÚ AR BHULAÍOCHT ……………………………………………………………………………………………………… 9 2.2 CINEÁLACHA BULAÍOCHTA ……………………………………………………………………………………………………….. 10 3. IOMPAR BULAÍOCHTA: TIONCHAR AGUS TÁSCAIRÍ …………………………………………………………… 12
3.1 TIONCHAR AN IOMPAIR BHULAÍOCHTA ………………………………………………………………………………………. 12 3.2 TÁSCAIRÍ D’IOMPAR BULAÍOCHTA …………………………………………………………………………………………….. 12 4. SAINTRÉITHE A GHABHANN LE BULAÍOCHT ……………………………………………………………………….. 14
4.1 AN DALTA A GHABHANN D’IOMPAR BULAÍOCHTA ………………………………………………………………………… 14 4.2 AN DALTA A NDÉANTAR BULAÍOCHT AIR NÓ UIRTHI …………………………………………………………………….. 15 4.3 NA DALTAÍ IS LEOCHAILÍ ………………………………………………………………………………………………………….. 15 4.4 CÁ HÁIT A NDÉANTAR BULAÍOCHT? …………………………………………………………………………………………… 16 5 BEARTAS FRITHBHULAÍOCHTA SCOILE ……………………………………………………………………………….. 18
5.1 AN CEANGLAS BEARTAS FRITHBHULAÍOCHTA A CHEAPADH DE RÉIR AN TEIMPLÉID BHEARTAIS ……… 18 5.2 FORBAIRT AN BHEARTAIS …………………………………………………………………………………………………………. 18 5.3 GEALLTANAS CHUN PRÍOMHPHRIONSABAIL AN DEA-CHLEACHTAIS A ÚSÁID ………………………………….. 19 5.4 SCAIPEADH AN BHEARTAIS ……………………………………………………………………………………………………….. 20 5.5 AN CIAPADH A CHOSC ………………………………………………………………………………………………………………. 21 6 PRÍOMHPHRIONSABAIL AN DEA-CHLEACHTAIS …………………………………………………………………. 22
6.1 CULTÚR DEARFACH SCOILE ……………………………………………………………………………………………………… 22 6.2 CEANNAIREACHT ÉIFEACHTACH ……………………………………………………………………………………………….. 24 6.3 CUR CHUIGE SCOILE UILE …………………………………………………………………………………………………………. 25 6.4 TUISCINT I BPÁIRT FAOIN RUD IS BULAÍOCHT ANN AGUS FAOIN TIONCHAR IS FÉIDIR A BHEITH AICI…. 26 6.5 FEIDHMIÚ NA STRAITÉISÍ OIDEACHAIS AGUS COISCTHE, LENA N-ÁIRÍTEAR BEARTA CHUN FEASACHT A MHÚSCAILT 26 6.6 MAOIRSEACHT AGUS MONATÓIREACHT ÉIFEACHTACH AR DHALTAÍ …………………………………………….. 29 6.7 TACAÍOCHTAÍ DON FHOIREANN …………………………………………………………………………………………………. 29 6.8 TEAGMHAIS BHULAÍOCHTA A THAIFEADADH AGUS A IMSCRÚDÚ GO COMHSHEASMHACH AGUS OBAIR LEANTACH A DHÉANAMH INA DTAOBH (LENA N-ÁIRÍTEAR STRAITÉISÍ AITHEANTA IDIRGHABHÁLA A ÚSÁID) ……………………………… 30 6.9 MEASTÓIREACHT LEANÚNACH AR A ÉIFEACHTAÍ ATÁ AN BEARTAS FRITHBHULAÍOCHTA ……………….. 37 7. MAOIRSEACHT ………………………………………………………………………………………………………………………….. 38
7.1 TUARASCÁLACHA ACHOIMRE TRÉIMHSIÚLA CHUIG AN MBORD BAINISTÍOCHTA …………………………… 38 7.2 ATHBHREITHNIÚ BLIANTÚIL A DHÉANFAIDH AN BORD BAINISTÍOCHTA ……………………………………….. 38 7.3 CIGIREACHT NA ROINNE ………………………………………………………………………………………………………….. 39 AGUISÍN 1 TEIMPLÉAD LE HAGHAIDH BEARTAS FRITHBHULAÍOCHTA………………………………………….. 40
AGUISÍN 2 LEIDEANNA PRAITICIÚLA AR CONAS CULTÚR AGUS TIMPEALLACHT DHEARFACH SCOILE A CHOTHÚ ………………………………………………………………………………………………………………………….. 44
AGUISÍN 3 TEIMPLÉAD CHUN IOMPAR BULAÍOCHTA A THAIFEADADH …………………………………………. 45
AGUISÍN 4 SEICLIOSTA LE HAGHAIDH ATHBHREITHNIÚ BLIANTÚIL AR AN MBEARTAS FHRITHBHULAÍOCHTA AGUS AR A FHEIDHMIÚ 45
3
1. RÉAMHRÁ AGUS CREAT DLÍTHIÚIL
1.1 Tús Eolais
1.1.1 Is é cúram scoile oideachas oiriúnach a sholáthar do gach duine dá daltaí. Teastaíonn timpeallacht foghlama atá cobhsaí agus slán, le gur féidir é sin a dhéanamh. Ní féidir oideachas sásúil a chur ar fáil má bhíonn iompar bulaíochta ar siúl. Taispeánann an taighde go bhféadfaidh éifeachtaí sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma a bheith ag an mbulaíocht ar shláinte fhisiciúil agus mheabhrach daltaí, ar an spéis a chuireann siad ina gcuid foghlama, ar a bhféinmhuinín agus ar a gcumas chun a dtoilmhianta agus a n-ábhar spéise a shaothrú.
1.1.2 Féadtar dul i ngleic le bulaíocht sa scoil trí bhearta agus straitéisí éagsúla a chur chun feidhme sa scoil féin chun a chur ar chumas phobal uile na scoile déileáil go héifeachtach leis an gcineál iompair sin. Aithnítear go mbíonn baint mhór idir tosca baile agus sochaíocha agus cásanna bulaíochta, ach féadfaidh an scoil a cion a dhéanamh chun bulaíocht a chosc agus níor cheart an ról tábhachtach sin a mheas faoina luach. Féadfaidh tionscnaimh scoile iarrachtaí dearfacha a dhaingniú nó cabhrú le tuismitheoirí iompar doghlactha a athrú. Le cois ról lucht bainistíochta agus ról na foirne, tá ról ag tuismitheoirí agus ag daltaí agus é de fhreagracht orthu go deimhin cabhrú leis an scoil iompar bulaíochta a chosc agus déileáil leis má thagann sé chun cinn. Ina theannta sin ní mór déileáil le haon tionchar diúltach a bhíonn ag iompar bulaíochta a tharlaíonn lasmuigh den scoil ar shaol na scoile. Sa doiciméad seo, féadtar glacadh leis go gcuimsíonn aon tagairt do thuismitheoir tagairt do chaomhnóir, leis, i gcás inarb infheidhme é.
1.1.3 Is léir ón taighde idirnáisiúnta a thábhachtaí atá sé beartas scoile a bheith curtha chun feidhme ag scoil, beartas ina leagtar amach cur chuige na scoile i leith chosc na bulaíochta agus an tslí le dul i ngleic léi, má thagann sí chun cinn. Féadann beartas frithbhulaíochta, a cheaptar agus a chuirtear chun feidhme ar fud na scoile, a bheith ina chloch choirnéil i dtaca le hiompar bulaíochta sna scoileanna a chomhrac.
1.2 Ceanglas ar gach scoil beartas frithbhulaíochta a bheith aici, mar chuid dá cód iompair
1.2.1 Ceanglaíonn an tAcht Oideachais (Leas), 2000, ar gach scoil cód iompair a bheith i bhfeidhm aici. Ceanglaíonn an tAcht an cód a bheith ullmhaithe de réir treoirlínte
4
a d’eisigh an Bord Náisiúnta um Leas Oideachais (an Bord). Eisíodh foilseachán an Bhoird: Cód Iompair a Cheapadh: Treoirlínte do Scoileanna do na scoileanna sa bhliain 2008.
1.2.2 I gcomhréir leis an Acht Oideachais (Leas) 2000 agus na treoirlínte a d’eisigh an Bord, ceanglaítear ar gach scoil beartas frithbhulaíochta a bheith i bhfeidhm mar chuid dá cód iompair.
1.3 Gnásanna Frith-Bhulaíochta Bunscoile agus Iarbhunscoile
1.3.1 Ceapadh na Gnásanna Frith-Bhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile (a dtabharfar “na gnásanna seo” orthu anseo feasta) tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe cuí oideachais agus gabhfaidh siad áit Threoirlínte 1993 ar Iompar Bulaíochta i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna a Chomhrac. Toradh is ea na gnásanna seo ar athbhreithniú ar threoirlínte 1993 agus feidhmiú an Phlean Gníomhaíochta ar Bhulaíocht –Tuarascáil an Ghrúpa Oibre Frith-Bhulaíochta chuig an Aire Oideachais agus Scileanna, tuarascáil a foilsiodh in Eanáir 2013.
1.3.2 Is é cuspóir na ngnásanna seo treoir a thabhairt d’údaráis scoile agus do phearsanra scoile faoin tslí le hiompar bulaíochta i scoileanna i measc na ndaltaí a chosc agus dul i ngleic leis má thagann sé chun cinn agus déileáil le haon tionchar diúltach a bheadh ag iompar bulaíochta a tharlaíonn lasmuigh den scoil ar shaol na scoile. Beidh feidhm ag na gnásanna seo maidir le gach bunscoil agus iar-bhunscoil aitheanta agus ionaid oideachais (mar a shainítear iad san Acht Oideachais 1998) ar a bhfreastalaíonn daltaí faoi 18 mbliana d’aois. I gcás ina ndéanann scoil soláthar do dhaoine fásta leochaileacha beidh feidhm ag na gnásanna seo maidir leis na foghlaimeoirí fásta sin, leis. Ceanglaítear ar údaráis scoile agus ar phearsanra scoile cloí leis na gnásanna seo agus iad ag déileáil le líomhaintí maidir le bulaíocht agus le teagmhais bhulaíochta.
1.3.3 Ceanglaítear ar gach Bord Bainistíochta beartas frithbhulaíochta a ghlacadh go foirmiúil agus a chur chun feidhme agus ní mór don bheartas géilleadh go hiomlan do riachtanais na ngnásanna seo. Ní mór beartas frithbhulaíochta na scoile a chur ar fáil do phearsanra na scoile, é a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin na scoile (nó mura bhfuil suíomh ag an scoil, é a chur ar fáil ar shlí eile do thuismitheoirí agus do dhaltaí ar iarratas) agus do Chumann na dTuismitheoirí (más ann dó). Ní mór cóip de bheartas frithbhulaíochta na scoile a chur ar fáil don Roinn Oideachais agus Scileanna (ar a dtugtar “an Roinn” anseo feasta) agus don phátrún, má iarrtar é.
5
1.4 Achoimre ar na Príomheilimintí
1.4.1 Seo a leanas achoimre ar phríomheilimintí na ngnásanna seo:
 Ceanglaítear ar gach Bord Bainistíochta beartas frithbhulaíochta a ghlacadh go foirmiúil agus a chur chun feidhme agus ní mór don bheartas géilleadh go hiomlan do riachtanais na ngnásanna seo. Cuirtear teimpléad do bheartas frithbhulaíochta ar fáil in Aguisín 1 de na gnásanna seo, teimpléad nach mór do gach scoil a úsáid agus beartas frithbhulaíochta á cheapadh.  Ní mór beartas frithbhulaíochta na scoile a chur ar fáil do phearsanra na scoile, a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin na scoile (nó mura bhfuil suíomh ag an scoil, é a chur ar fáil ar shlí eile do thuismitheoirí agus do dhaltaí ar iarratas) agus do Chumann na dTuismitheoirí (más ann dó). Cuirfear cóip de bheartas frithbhulaíochta na scoile ar fáil don Roinn agus do phátrún na scoile má iarrtar é.  An rud a thuigtear le bulaíocht ná iompar diúltach neamhiarrtha, bíodh sé i bhfoirm iompar briathartha, síceolaíoch nó fisiciúil, a dhéanann duine aonair nó grúpa in aghaidh duine (nó daoine) eile, agus a dhéantar arís agus arís eile. Leagtar síos go soiléir sna gnásanna seo go n-áirítear ar an tuiscint ar bhulaíocht cibearbhulaíocht agus bulaíocht bunaithe ar aitheantas (ar nós bulaíocht homafóbach agus bulaíocht chiníoch).  Leagtar amach sna gnásanna seo na príomhphointí dea-chleachtais chun bulaíocht a chosc agus dul i ngleic léi araon agus ceanglaítear ar gach scoil géilleadh do na prionsabail sin ina mbeartas frithbhulaíochta. Is iad seo na príomhphrionsabail:
o Cultúr dearfach a bheith i réim sa scoil; o Ceannaireacht éifeachtach; o Cur chuige scoile uile; o Tuiscint i bpáirt faoin rud is bulaíocht ann agus faoin tionchar is féidir a bheith aici;
6
o Feidhmiú straitéisí oideachais agus coiscthe (lena n-áirítear bearta chun feasacht a mhúscailt); o Maoirseacht agus monatóireacht éifeachtach ar dhaltaí; o Tacaíochtaí don fhoireann; agus o Teagmhais d’iompar bulaíochta a thaifeadadh agus a imscrúdú go comhsheasmhach agus obair leantach maidir leo (lena n-áirítear straitéisí aitheanta idirghabhála a úsáid); o Meastóireacht leanúnach ar a éifeachtaí atá an beartas frithbhulaíochta.
 Aithnítear sna gnásanna seo gur cloch choirnéil é ó thaobh an bhulaíocht a chosc cultúr dearfach a bheith i réim sa scoil bunaithe ar mheas agus ar uilechuimsitheacht agus dearcadh fáilteach a bheith i réim i leith na difríochta agus na héagsúlachta. Sna gnásanna gheofar príomheilimintí an chultúir dhearfaigh scoile mar aon le leideanna praiticiúla chun gur féidir le scoileanna a leithéid de chultúr a chothú.  Aibhsítear sna gnásanna seo a thábhachtaí atá an cur chuige scoile uile (lucht bainistíochta, foireann, daltaí agus tuismitheoirí). Le cois ról lucht bainistíochta agus ról na foirne, tá ról ag tuismitheoirí agus ag daltaí agus é de fhreagracht orthu cabhrú leis an scoil iompar bulaíochta a chosc agus déileáil leis má thagann sé chun cinn. Ina theannta sin ní mór déileáil le haon tionchar diúltach a bhíonn ag iompar bulaíochta a tharlaíonn lasmuigh den scoil ar shaol na scoile.  Sna gnásanna seo ceanglaítear cosc na bulaíochta a bheith ina chuid dhílis de bheartas frithbhulaíochta na scoile. Ní mór na straitéisí oideachais agus coiscthe a chuirfidh an scoil chun feidhme a bheith taifeadta sa bheartas frithbhulaíochta agus ní mór dóibh déileáil go sainráite le cibearbhulaíocht agus le bulaíocht bunaithe ar aitheantas, lena n-áirítear bulaíocht homafóbach agus bulaíocht trasfóbach.  Rud eile a chaithfear a leagan amach i mbeartas frithbhulaíochta scoile ná na gnásanna atá ag an scoil chun bulaíocht a imscrúdú agus déileáil léi, agus gnásanna na scoile chun iompar bulaíochta a nótáil agus a thaifeadadh go foirmiúil. Ní mór gnásanna na scoile a bheith ar aon dul leis an treoir a thugtar sa doiciméad seo.
7
 Aibhsítear sna gnásanna seo gurb é an phríomhaidhm atá le bulaíocht a imscrúdú agus déileáil léi aon cheist neamhréitithe a réiteach agus an gaol idir na páirtithe i dtrácht a chur ar ais mar a bhí sé a mhéad is féidir (seachas milleán a chur).  I gcás ina gcinneann múinteoir ábhartha gur tharla iompar bulaíochta:
o ba cheart teagmháil a dhéanamh, a luaithe is féidir, le tuismitheoirí na bpáirtithe i dtrácht chun iad a chur ar an eolas faoin scéal agus na bearta a dhéanfar a mhíniú dóibh (le tagairt do bheartas na scoile); agus o ní mór don mhúinteoir ábhartha taifid scríofa a choimeád chun cabhrú léi/leis na ceisteanna a bheidh le réiteach a réiteach agus an gaol idir na páirtithe a chur ar ais mar a bhí sé, a mhéad is féidir.
 Ní mór don mhúinteoir ábhartha an t-iompar bulaíochta a thaifeadadh sa teimpléad tuairiscithe caighdeánach in Aguisín 3 (agus cóip a chur ar aghaidh chuig an bPríomhoide nó an Leas-Phríomhoide, faoi mar a bheadh) sna cásanna seo a leanas:
o i gcásanna ina measann sé/sí nár díríodh go leordhóthanach ar an iompar bulaíochta laistigh de 20 lá scoil tar éis di/dó a chinneadh gur tharla iompar bulaíochta; agus o i gcás inar chinn an scoil, mar chuid dá beartas frithbhulaíochta, go gcaithfear iompar bulaíochta a thaifeadadh i gcásanna áirithe agus é a thuairisciú láithreach don Phríomhoide nó LeasPhríomhoide, faoi mar a bheadh.
 Ar áireamh sna gnásanna tá socruithe maoirseachta a cheanglaíonn ar an bPríomhoide tuairisciú don Bhord Bhainistíochta uair sa téarma, ar a laghad, agus an t-eolas seo a leanas a sholáthar:
o líon iomlán na gcásanna bulaíochta a tuairiscíodh (ar an teimpléad taifeadta bulaíochta in Aguisín 3) leis an bPríomhoide
8
nó leis Leas-Phríomhoide ón uair dheireanach a tuairiscíodh don Bhord agus o deimhniú gur déileáladh le gach cás díobh sin, nó go bhfuiltear ag déileáil leo, de réir bheartas frithbhulaíochta na scoile agus na ngnásanna seo.
 Mar chuid de na socruithe maoirseachta, ní mór don Bhord Bainistíochta athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar bheartas frithbhulaíochta na scoile agus ar an tslí ina gcuirtear chun feidhme é. Ní mór fógra scríofa gur athbhreithníodh beartas frithbhulaíochta na scoile a chur ar fáil do phearsanra na scoile, a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin na scoile (nó mura bhfuil suíomh ag an scoil, a chur ar fáil ar shlí eile do thuismitheoirí agus do dhaltaí ar iarratas) agus do Chumann na dTuismitheoirí (más ann dó). Gheofar fógra caighdeánach chuige sin in Aguisín 4, foirm a chaithfear a úsáid. Ní mór taifead den athbhreithniú agus a thoradh a chur ar fáil don phátrún agus don Roinn, leis, má iarrtar é.
1.4.2 Sin thuas achoimre ar phríomheilimintí na ngnásanna seo agus mar sin ba cheart é a léamh mar chuid den doiciméad seo.
9
2. SAINMHÍNIÚ AGUS CINEÁLACHA BULAÍOCHTA
2.1 Sainmhíniú ar bhulaíocht
2.1 1 An rud a thuigtear le bulaíocht ná iompar diúltach neamhiarrtha, bíodh sé i bhfoirm iompar briathartha, síceolaíoch nó fisiciúil, a dhéanann duine aonair nó grúpa in aghaidh duine (nó daoine) eile, agus a dhéantar arís agus arís eile.
2.1.2 Áirítear na cineálacha iompair bhulaíochta seo a leanas sa sainmhíniú nach sainmhíniú uileghabhálach é:
(i) duine a fhágáil as an áireamh d’aon ghnó, gabháil do chúlchaint mhailíseach agus do chineálacha eile caidreamh bulaíochta; (ii) cibearbhulaíocht; agus (iii) bulaíocht bunaithe ar aitheantas, ar nós bulaíocht homafóbach, bulaíocht chiníoch, bulaíocht bunaithe ar bhallraíocht den Lucht Siúil agus bulaíocht ar dhuine faoi mhíchumas nó ar dhuine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais aici/aige.
2.1.3 Lena chois sin, sna gnásanna seo, féachfar ar theachtaireacht, íomhá nó ráiteas poiblí goilliúnach aon uaire ar shuíomh Gréasáin líonra poiblí nó ar fhóram poiblí eile ar féidir an teachtaireacht, an íomhá nó an ráiteas sin a fheiceáil air agus/nó a bheith athráite ag daoine eile mar iompar bulaíochta.
2.1.4 Ní chuimsíonn an sainmhíniú seo ar bhulaíocht teagmhais aonair ná teagmhais aon uaire d’iompar diúltach d’aon turas, lena n-áirítear téacsteachtaireacht mhaslach nó goilliúnach aon uaire nó teachtaireachtaí príobháideacha eile agus ba cheart déileáil leo, mar is cuí, de réir chód iompair na scoile. D’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith ag teagmhas aon uaire ar dhalta agus d’fhéadfadh sé a bheith ionann agus ciapadh, leis, rud atá toirmiscthe go dlíthiúil i scoileanna faoin reachtaíocht chomhionannais. Is éard is ciapadh ann aon chineál iompair neamhiarrtha a bhaineann le haon cheann de na naoi bhforas leithcheala (inscne lena n-áirítear trasinscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, treoshuíomh gnéasach, reiligiún, aois, míchumas, cine nó ballraíocht den Lucht Siúil).
Gheofar eolas ar thionchar, táscairí agus saintréithe eile iompar bulaíochta i Ranna 3 agus 4 de na Gnásanna seo.
10
2.2 Cineálacha bulaíochta
Seo a leanas cuid de na cineálacha iompair bhulaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann idir dhaltaí:
o Ionsaitheacht fhisiciúil: Áirítear air sin duine a bhrú, a shá, a bhualadh, a chiceáil, a phriocadh nó cor coise a chur ann. Bheadh trom-ionsaí fisiciúil ar áireamh anseo. Is minic a théann daltaí i mbun ‘troideanna bréige’, ach féadtar úsáid a bhaint astu chun ciapadh fisiciúil a dhéanamh faoi cheilt, sin nó duine a ghortú. o Imeaglú: Cineál ar leith iompar bulaíochta is ea imeaglú: d’fhéadfadh sé a bheith bunaithe ar chomharthaíocht choirp ionsaitheach ina mbaintear úsáid as an nguth mar arm troda. D’fhéadfadh aghaidh a léiríonn ionsaitheacht agus/nó míghnaoi a bheith ina chúis mhór imní. o Aonrú/eisiamh agus caidreamh bulaíochta eile: Tarlaíonn bulaíocht den chineál seo nuair a dhéanann cuid den rang nó an rang ar fad duine a aonrú, a eisiamh nó neamhaird a thabhair air/uirthi d’aon ghnó. Is gnách iompar mar seo a bheith tionscanta ag duine atá ag gabháil d’iompar bulaíochta agus féadann sé a bheith deacair a bhrath. D’fhéadfadh ráitis mhaslacha a bheith á scríobh mar gheall ar an dalta seo in áiteanna poiblí, nó nótaí faoin dalta nó líníochtaí den dalta a bheith á scaipeadh nó í/é a bheith á maslú/mhaslú de chogar ach é a bheith sách ard le go gcloisfí é. Meastar go mbíonn caidreamh bulaíochta ann nuair a dhiúltaítear go leanúnach d’iarrachtaí duine caidreamh a bheith aige/aici le piaraí agus gaol a chothú leo, nó nuair a bhaintear an bonn de na hiarrachtaí sin. Bíonn rialú i gceist i gceann de na cineálacha is coitianta: “Déan seo, siúd nó eile, nó ní bheidh mé cairdiúil leat níos mó” (ráite nó intuigthe); grúpa a bhailíonn le chéile in aghaidh duine amháin (cailín nó buachaill); geáitsíocht neamhbhriathartha, cúlchaint mhailíseach; scéalta a bheith á scaipeadh mar gheall ar dhuine nó cluas bhodhar a bheith á tabhairt ar dhuine. o Cibearbhulaíocht: Tá an cineál seo bulaíochta ag éirí níos coitianta agus ag athrú an t-am ar fad. Is bulaíocht é seo a chuirtear i gcrích trí theicneolaíochtaí eolais agus cumarsáide ar nós téacsteachtaireachtaí, suíomhanna líonra sóisialta, r-phost, cur teachtaireachtaí meandracha, feidhmchláir, suíomhanna cluichíochta, seomraí comhrá agus teicneolaíochtaí eile ar líne. An cineál bulaíochta ar líne is coitianta ná teachtaireachtaí míchuí nó goilliúnacha a dhíriú ar dhuine. De bhrí go n-úsáideann an
11
chibearbhulaíocht modhanna teicneolaíochta chun an t-iompar bulaíochta a choimeád ag imeacht agus nach gá teagmháil duine le duine, féadfaidh an chibearbhulaíocht tarlú uair ar bith (lá nó oíche). Is iomaí cineál bulaíochta is féidir a éascú tríd an gcibearbhulaíocht. Mar shampla, d’fhéadfaí téacsteachtaireachtaí homafóbacha a sheoladh chuig duine nó pictiúir a phostáil mar aon le ráitis dhiúltacha mar gheall ar ghnéasacht duine, cuma duine srl. o Ainmneacha maslacha a thabhairt ar dhuine: Duine ar bith a thugann ainm maslach, goilliúnach nó náiritheach ar dhuine eile, ba cheart féachaint air sin mar iompar bulaíochta. Is minic a ndéantar tagairt do chuma fhisiciúil duine, m.sh. méid nó éadaí an duine sin, sna hainmneacha seo. D’fhéadfaí aird dhiúltach a dhíriú ar thuin chainte nó ar ghuth so-aitheanta. Is minic cumas acadúil a bheith ina chúis le hainmneacha maslacha: i gcás daoine a mheastar a bheith níos cliste ná mar is gnách agus i gcás daoine a mheastar a bheith níos laige ná mar is gnách. o Dochar do mhaoin: Is féidir bulaíocht a dhíriú ar mhaoin phearsanta. I gceist ansin bheadh damáiste d’éadaí, d’fhón póca nó do ghléasanna eile, do leabhair scoile agus d’ábhar foghlama eile nó cur isteach ar thaisceadán nó ar rothar an dalta. D’fhéadfaí a bhfuil sa mhála scoile a chaitheamh amach ar an urlár. D’fhéadfaí rudaí pearsanta a bhriseadh, a loit, a ghoid nó a chur i bhfolach. o Sracadh: D’fhéadfaí airgead a éileamh, faoi bhagairt uaireanta (bagairtí a chomhlíontar uaireanta mura gcuireann an dalta i dtrácht an t-airgead ar fáil nuair a iarrtar é). D’fhéadfaí iallach a chur ar dhalta maoin a ghoid ar son duine eile atá ag gabháil d’iompar bulaíochta.

12
3. IOMPAR BULAÍOCHTA: TIONCHAR AGUS TÁSCAIRÍ
3.1 Tionchar an iompair bhulaíochta
3.1.1 Daltaí a bhfuil bulaíocht á déanamh orthu, féadfaidh siad mothúcháin éagsúla a bheith acu – neamhdhiongbháilteacht, náiriú agus imní throm, rud a dhéanann níos soghonta iad, uaireanta. D’fhéadfaí an fhéinmhuinín a laghdú, as a leanann laghdú ar fhéinmheas. Is minic nach labhraíonn na daltaí i dtrácht faoin méid atá ar siúl ach tugtar athrú ar ghiúmar agus ar iompar faoi deara. Má bhíonn an bhulaíocht go dona, féadfaidh an dalta lámh a chur ina bás nó ina bhás féin. Mar sin tá sé ríthábhachtach tuiscint a bheith againn ar cad is ciall le hathruithe ar iompar, ionas gur féidir idirghabháil luath a dhéanamh. Dá luaithe a dhéantar an idirghabháil is ea is fearr.
3.1.2 Daltaí a thugann bulaíocht faoi deara, d’fhéadfadh sí cur isteach orthu agus d’fhéadfaidís siúd a bheith ag fulaingt chomh mór céanna leis an duine nó na daoine is ábhar don bhulaíocht. Mar shampla, daoine a bhfuil tréithe i bpáirt acu le duine a bhfuil bulaíocht bunaithe ar aitheantas á déanamh uirthi nó air, féadfaidh imní teacht orthu go bhfuil siad féin i mbaol. Féadann daltaí a bhrath go bhfuil siad ciontach nó bheith trí chéile toisc nach féidir leo cabhrú leis an té is ábhar don bhulaíocht.
3.1.3 Bíonn iarmhairtí ann do dhaoine a ghabhann d’iompar bulaíochta. Daltaí a ghabhann d’iompar bulaíochta, is airde an dóchúlacht go dtiocfaidh dúlagar orthu. Iarmhairtí eile fadtéarmacha eile a d’fhéadfadh a bheidh ann ná pearsantacht fhrithshóisialta, neamhord imní, mí-úsáid substainte agus iompar in aghaidh an dlí mar dhuine fásta agus laghdú ar ghnóthachtáil oideachais agus ceirde.
3.2 Táscairí d’iompar bulaíochta
3.2.1 D’fhéadfadh na comharthaí seo a leanas a chur i bhfios go bhfuil bulaíocht á déanamh ar dhalta:
(i) Imní mar gheall ar an turas chun na scoile nó abhaile uaithi, m.sh. ag iarraidh síob ar thuismitheoir nó ag iarraidh ar thuismitheoir í/é a bhailiú, an bealach chun na scoile a athrú, bheith ag dul ar scoil/ag teacht abhaile ón scoil lasmuigh de na gnáthuaireanta; (ii) Drogall maidir le dul ar scoil, diúltú dul ar scoil, múitseáil;
13
(iii) An fheidhmíocht oideachais a bheith ag dul chun donais, easpa cumais chun díriú ar an obair agus laghdú ar dhíograis agus ar spéis i gcúrsaí scoile; (iv) Patrún de bhreoiteacht fhisiciúil, m.sh. tinnis chinn, tinnis bhoilg; (v) Athrú ar ghiúmar nó ar iompar nach féidir a mhíniú a d’fhéadfadh a bheith níos sofheicthe díreach roimh dhul ar ais ar scoil tar éis an deireadh seachtaine agus go háirithe tar éis laethanta saoire scoile; (vi) Comharthaí feiceálacha imní nó ciaptha, m.sh. caint stadach, gan a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí, tromluí, deacrachtaí codlata, gol, athrú ar phatrúin itheacháin, caitheamh aníos, fliuchadh na leapa; (vii) Rudaí a rá go spontáineach faoi dhaltaí nó múinteoirí, rudaí nach mbeadh súil leo ón duine sin; (viii) Maoin a bheith ar iarraidh nó damáiste déanta di; (ix) Níos mó airgid á iarraidh, nó airgead a bheith á ghoid; (x) Gortú nó ballbhrú nach féidir a mhíniú, nó éadaí stróicthe; agus (xi) Drogall agus/nó diúltú a rá cad é atá ag cur isteach ar an dalta.
3.2.2 D’fhéadfadh comharthaí eile a bheith ann ag brath ar an dalta agus ar an gcás. Ní gá go gciallódh na comharthaí thuas go bhfuil bulaíocht á déanamh ar dhalta ach má fheictear na comharthaí sin arís agus arís eile, nó i dteannta a chéile, ba cheart imscrúdú a dhéanamh le fáil amach cad é atá ag cur isteach ar an dalta.
14
4. SAINTRÉITHE A GHABHANN LE BULAÍOCHT
Ní mór cuimhneamh go bhféadfaí bulaíocht a dhéanamh ar dhalta ar bith nó go bhféadfadh dalta ar bith a bheith ag gabháil d’iompar bulaíochta.
4.1 An dalta a ghabhann d’iompar bulaíochta
4.1.1 Mórchuid bulaíochta, ní cineál iompair amháin é, ach léiríonn sé easpa measa ar éagsúlacht agus bíonn sé fréamhaithe in éagothromaíochtaí sóisialta. Féadann an bhulaíocht “bunaithe ar réamhchlaonadh” nó “bunaithe ar aitheantas” a bheith ina cuid shuntasach d’iompar bulaíochta.
4.1.2 Daoine a ghabhann d’iompar bulaíochta, is gnách dóibh iad féin a chur i láthair ar shlí ionsaitheach agus easpa féinsmachta a léiriú. D’fhéadfadh sé nach mbeadh aon aiféala orthu ach go gcreididís go raibh an drochíde tuillte ag an duine a ndearnadh bulaíocht uirthi/air.
4.1.3 Daltaí a ghabhann d’iompar bulaíochta, féadfaidh siad a bheith ag lorg airde; ag iarraidh meas a fháil ó dhaltaí eile nó ag freagairt don tionchar atá ag a gcuid bulaíochta ar dhaltaí eile. Féadann sé a bheith deacair orthu ionbhá a bheith acu le daoine eile. Uaireanta bíonn an chuma orthu gur cuma leo faoi mhothúcháin daoine eile, nó nach dtugann siad mothúcháin daoine eile faoi deara. Díol suntais is ea é gur minic a bhíonn easpa féinmhuiníne nó féinmheasa ar dhaoine a ghabhann d’iompar bulaíochta.
4.1.4 Ach ní mór a aithint, leis, i gcás daltaí a ghabhann d’iompar bulaíochta, nach i gcónaí a dhéanann siad go comhfhiosach é, agus go mbíonn seans ann nach eol dóibh an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag a gcuid focal agus a gcuid iompair ar dhaoine eile.
15
4.1.5 Uaireanta, i gcás daltaí a ghabhann d’iompar bulaíochta, faightear amach go ndearnadh bulaíocht orthu roimhe sin.
4.2 An dalta a ndéantar bulaíocht air nó uirthi
4.2.1 Dalta ar bith a ndírítear iompar bulaíochta air nó uirthi. Gnáthchuid de shaol na scoile is ea daltaí a bheith ag magadh agus ag spochadh as a chéile. Ach ag pointe airithe, féadfaidh an magadh agus an spochadh iompú ina iompar bulaíochta. Ní thógann sé i bhfad ar dhaltaí difríochtaí eatarthu a thabhairt faoi deara, agus is airde an seans go ndéanfar bulaíocht ar dhalta a bhraitear a bheith difriúil ar shlí éigin. Is iad na daltaí a iompraíonn iad féin ar shlí leochaileach nó buartha is mó a bhíonn i mbaol ó iompar bulaíochta. Uaireanta braitheann a thromchúisí a bhíonn an t-iompar bulaíochta agus an fad a mhaireann sé ar an bhfreagairt a thugann an dalta ar an ionsaitheacht bhriathartha, fhisiciúil nó síceolaíoch.
4.2.2 Daltaí a ndéantar bulaíocht orthu, is minic a bhíonn sé deacair orthu gearán a dhéanamh faoin iompar sin. Seo iad na cúiseanna leis an deacracht sin:
(i) Eagla roimh bheart díoltais; (ii) Imní go gceapfar gur “leideoir” é an dalta a thuairiscíonn an bhulaíocht; (iii) Imní go mbeidh an dalta i dtrioblóid leis an bpríomhoide nó leis an múinteoir as an mbulaíocht a thuairisciú; (iv) Easpa fianaise chun tacú le líomhain bulaíochta; (v) Easpa eolais faoin tslí ina ndéileálfaidh an scoil leis an ngearán; agus (vi) Easpa muiníne go gcreidfear é nó í.
4.3 Na daltaí is leochailí
4.3.1 D’fhéadfadh dalta ar bith a bheith ina ábhar bulaíochta, ach is eol dúinn gur mó an seans go ndéanfar bulaíocht ar dhaltaí áirithe seachas a chéile. Ar na grúpaí daltaí is leochailí, tá daltaí faoi mhíchumas agud dalta a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, daltaí ó mhionlaigh eitneacha agus grúpaí mionlaigh, daltaí den Lucht Siúil, daltaí leispiacha, aeracha, déghnéasacha nó trasinscne, daltaí a mheastar a bhaineann le ceann de na grúpaí sin agus daltaí a bhaineann le grúpaí creidimh mionlaigh.
16
4.3.2 D’fhéadfadh an baol bulaíochta a bheith níos mó i gcás daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus go háirithe iad siúd nach dtuigeann leideanna sóisialta go tapa agus/nó a mbíonn sé deacair orthu iad féin a chur in iúl. Daltaí a bhfuil riachtanais chasta acu, d’fhéadfadh sé a bheith deacair orthu staideanna sóisialta a thuiscint agus féadfaidh siad muinín a chur i ngach aon duine. D’fhéadfadh daltaí mar sin a bheith i mbaol níos mó de bhrí nach bhfuil na scileanna sóisialta céanna acu ná an cumas acu iompar bulaíochta a aithint agus iad féin a chosaint air. Cuireann an taighde i bhfios gur mó seans go ndéanfar bulaíocht ar pháistí faoi mhíchumas agus ar pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ná ar pháistí eile. Féadfaidh tionchar na bulaíochta a bheith níos measa i gcás páistí mar sin. Mar shampla, taispeánann staidéir ina ndéantar comparáid idir tionchar na bulaíochta ar pháistí gan mhíchumas agus ar pháistí faoi mhíchumas, páistí a mbeadh deacracht teanga nó cainte acu, gur mó an tionchar a bhíonn ag bulaíocht ar fhéinmheas páistí faoi mhíchumas.
4.3.3 Fuarthas, leis, go mbíonn sé níos deacra ar dhaltaí a ndéantar bulaíocht homafóbach nó trasfóbach orthu (cibé an daltaí LGBT iad nó daltaí a mheastar a bheith ina ndaltaí LGBT) labhairt amach faoi iompar bulaíochta nó é a thuairisciú.
4.4 Cá háit a ndéantar bulaíocht?
Féadann bulaíocht teacht chun cinn áit ar bith ach tá amanna agus áiteanna ar leith ina bhfuil sé níos dóchúla go dtiocfaidh sí chun cinn.
4.4.1 Cibearbhulaíocht: Ciallaíonn an teacht a bhíonn ag daltaí i gcoitinne ar an teicneolaíocht gur féidir bulaíocht a dhéanamh uair ar bith sa lá; d’fhéadfadh sé nach mbeadh an dalta sábháilte ar bhulaíocht sa bhaile, fiú. Le himeacht aimsire, is mó bealach atá ag daoine óga chun dul i mbun cumarsáide lena chéile i ngan fhios do dhaoine fásta agus is deacra ná riamh maoirseacht a dhéanamh ar an gcumarsáid sin. Is é nádúr na dteicneolaíochtaí gur féidir ábhar digiteach a roinnt agus a thaispeáint do lucht féachana leathan ar an toirt, nach mór, agus go bhfuil sé dodhéanta, nach mór, ábhar a scrios go buan. Is minic a dhéantar cibearbhulaíocht ag baile agus istoíche, ach féadann tionchar a bheith ag an mbulaíocht sin ar shaol na scoile.
4.4.2 Réimsí gníomhaíochta neamhstruchtúrtha: Is minic a dhéantar bulaíocht i gclós na scoile. Má bhíonn cuid den chlós as radharc is dóichí ná a mhalairt gur ansin a dhéanfar an bhulaíocht. Cuireann mórchuid cluichí clóis deis bulaíochta ar fáil, toisc a
17
fhisiciúla atá siad. Bíonn sé furasta go leor dalta eile a roghnú as an slua agus bulaíocht a dhéanamh uirthi nó air. Toisc a ghlóraí a bhíonn clós scoile, is beag duine a chloiseann nó a fheiceann an bhulaíocht. I gclóis bíonn deis ag daltaí bulaíocht a dhéanamh ar dhaltaí atá nios óige nó níos lú ná iad féin. Nó d’fhéadfadh grúpa páistí bulaíocht a dhéanamh ar pháiste nó ar ghrúpa páistí eile. Má bhíonn saighdeadh leanúnach ann, d’fhéadfadh troid fhisiciúil bheith mar thoradh air agus, go hiorónta, d’fhéadfadh an chuma a bheith air i gcásanna áirithe gurb é an duine a bhfuil bulaíocht á déanamh uirthi nó air an t-ionsaitheoir toisc go scaoileann sé ar deireadh le racht feirge le teann frustrachais.
Féadann bulaíocht bhriathartha, shíceolaíoch agus fhisiciúil tarlú i leithris, i ndorchlaí, i seomraí cótaí, in aice le taisceadáin, i seomraí gléasta, i gcithfholcthaí, sa halla gleacaíochta agus sa halla tionóla. Ní mór monatóireacht chúramach a dhéanamh ar iompar daltaí sna háiteanna sin.
4.4.3 Bulaíocht sa seomra ranga: Féadann bulaíocht tarlú sa seomra ranga, leis. D’fhéadfadh an bhulaíocht a bheith i bhfoirm sracfhéachana, amhairc nó seitgháire ionas gur deacair í a bhrath nó féadann sí a bheith níos inbhraite i bhfoirm imeaglú fisiciúil. D’fhéadfaí an t-iompar sin a ghéarú má bhíonn atmaisféar i réim sa seomra ranga ina nglactar le focail mhaslacha faoin múinteoir nó faoi dhaltaí eile. Ach ní mór do mhúinteoirí a bheith san airdeall faoi na cúiseanna a bhféadfadh a bheith le ráitis mar sin ó dhaltaí ar eagla go mbeidís ag iarraidh rud éigin atá ag cur isteach orthu agus ar cheart a imscrúdú a chur in iúl. Féadfaidh bulaíocht tarlú idir thréimhsí ranga is cuma an é an rang nó an múinteoir a théann go dtí an chéad seomra ranga eile.
4.4.4 Ar an tslí chun na scoile agus abhaile uaithi: Is minic a dhéantar bulaíocht díreach lasmuigh den scoil, lasmuigh de shiopaí áitiúla nó i gcomharsanacht na scoile. Féadann bulaíocht tarlú ag stad an bhus nó ar an turas chun na scoile nó abhaile uaithi is cuma an mbíonn na daltaí ag siúl, ag rothaíocht nó ar bhus scoile.

18
5 BEARTAS FRITHBHULAÍOCHTA SCOILE
5.1 An ceanglas beartas frithbhulaíochta a cheapadh de réir an teimpléid bheartais
5.1.1 Faoi mar atá leagtha amach i Roinn 1.2 de na gnásanna seo, i gcomhréir leis an Acht Oideachais (Leas) 2000 agus na treoirlínte a d’eisigh an Bord, ceanglaítear ar gach scoil beartas frithbhulaíochta a bheith i bhfeidhm mar chuid dá cód iompair.
5.1.2 Gheofar in Aguisín 1 teimpléad beartas frithbhulaíochta nach mór do gach scoil a úsáid.
5.1.3 Beidh gnéithe caighdeánacha den teimpléad beartais bainteach le gach scoil. Gnéithe solúbtha is ea gnéithe eile ionas gur féidir an beartas a shaincheapadh chun freastal ar riachtanais agus ar chúinsí gach scoil ar leith. Ach ní mór an beartas a cheapadh, a chur chun feidhme agus a athbhreithniú de réir na dtreoracha atá leagtha amach sna gnásanna seo. Ní mór do gach scoil gach cuid den teimpléad beartais a líonadh isteach.
5.1.4 Ní mór don Bhord Bainistíochta an beartas frithbhulaíochta a ghlacadh go foirmiúil.
5.2 Forbairt an bheartais
5.2.1 Ní mór don Bhord Bainistíochta, agus an beartas frithbhulaíochta á cheapadh, dul i gcomhar leis an bhfoireann teagaisc agus leis an bhfoireann neamhtheagaisc faoi cheannaireacht an Phríomhoide agus i gcomhairle le tuismitheoirí agus daltaí. Ar an tslí sin beidh ionchur ag gach duine lena mbaineann sna straitéisí scoile chun déileáil le bulaíocht.
5.2.2 Is gá go mbeadh tuiscint shoiléir ag gach duine atá bainteach leis an mbeartas seo ar aidhmeanna agus ar ábhar an bheartais chun gur féidir straitéisí éifeachtacha a cheapadh chun déileáil leis an bhfadhb. Seo a leanas príomhaidhmeanna an bheartais fhrithbhulaíochta:
(i) Cultúr dearfach scoile atá cuimsitheach agus fáilteach roimh dhifríocht a chothú; (ii) Timpeallacht scoile a chothú atá oscailte agus tacúil agus ina spreagtar daltaí chun iompar bulaíochta a nochtadh agus a phlé;
19
(iii) Feasacht ar bhulaíocht mar iompar nach nglactar leis a mhúscailt i measc phobal uile na scoile (bainistíocht scoile, múinteoirí, daltaí, tuismitheoirí, saorálaithe, etc.); (iv) A chinnntiú go ndéantar maoirseacht agus monatóireacht chuimsitheach ionas go gcoimeádtar súil ar na daltaí i ngach gníomhaíocht scoile; (v) Gnásanna a sholáthar chun gur féidir iompar bulaíochta a imscrúdú agus déileáil leis; (vi) Gnásanna a sholáthar chun gur féidir iompar bulaíochta a thaifeadadh agus a thuairisciú; (vii) Clár tacaíochta a cheapadh dóibh siúd a raibh tionchar ag iompar bulaíochta orthu agus dóibh siúd atá ag gabháil d’iompar bulaíochta; (viii) Oibriú as lámha a chéile leis na gníomhaireachtaí áitiúla éagsúla a fhéachann le bulaíocht agus iompar frithshóisialta a chomhrac; agus (ix) Meastóireacht leanúnach a éascú ar a éifeachtaí atá beartas frithbhulaíochta na scoile.
5.3 Gealltanas chun príomhphrionsabail an dea-chleachtais a úsáid
5.3.1 Ní mór do gach scoil a rá go sainráite ina bheartas frithbhulaíochta go naithnítear inti a thromchúisí atá iompar bulaíochta agus a dhiúltaí a d’fhéadfadh a thionchar a bheith ar dhaltaí, agus go ngeallann an scoil dá réir cloí leis na príomhphrionsabail deachleachtais seo a leanas agus iompar bulaíochta á chosc agus á chomhrac.
(i) Cultúr dearfach a bheith i réim sa scoil:
o ina gcuirtear fáilte roimh dhaoine atá éagsúil agus ina léirítear meas ar chuimsitheacht; o ina spreagtar daltaí chun iompar bulaíochta a nochtadh agus a phlé i dtimpeallacht neamhbhagrach; agus o ina gcuirtear caidreamh bunaithe ar mheas chun cinn ar fud phobal na scoile;
(ii) Ceannaireacht éifeachtach;
20
(iii) Cur chuige scoile uile; (iv) Tuiscint i bpáirt faoin rud is bulaíocht ann agus faoin tionchar is féidir a bheith aici; (v) Straitéisí oideachais agus coiscthe a bheith curtha chun feidhme (lena n-áirítear bearta chun feasacht a mhúscailt)
 a chothaíonn ionbhá, meas agus athléimneacht sna daltaí; agus  a théann i ngleic go sainráite le cibearbhulaíocht agus le bulaíocht bunaithe ar aitheantas, lena n-áirítear bulaíocht homafóbach agus trasfóbach;
(vi) Maoirseacht agus monatóireacht éifeachtach ar dhaltaí; (vii) Tacaíochtaí don fhoireann; (viii) Teagmhais bhulaíochta a thaifeadadh agus a imscrúdú ar shlí chomhsheasmhach agus obair leantach a dhéanamh ina dtaobh (lena n-áirítear straitéisí aitheanta idirghabhála a úsáid); agus (ix) Meastóireacht leanúnach ar a éifeachtaí atá an beartas frithbhulaíochta.
5.3.2 Gheofar sonraí eile i dtaca le gach ceann de na prionsabail thuas i Roinn 6 de na gnásanna seo.
5.4 Scaipeadh an bheartais
5.4.1 Mar a dúradh i Roinn 1.3.3 ní mór beartas frithbhulaíochta na scoile a chur ar fáil do phearsanra na scoile, é a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin na scoile (nó mura bhfuil suíomh ag an scoil, é a chur ar fáil ar shlí eile do thuismitheoirí agus do dhaltaí ar iarratas) agus do Chumann na dTuismitheoirí (más ann dó). Ní mór cóip de bheartas frithbhulaíochta na scoile a chur ar fáil don Roinn agus do phátrún na scoile má iarrtar é.
5.4.2 Ní mór don Bhord Bainistíochta a chinntiú go dtarraingítear aird ar an mbeartas go rialta agus go gcuirtear chun cinn é ar fud na scoile le haird ar leith ar dhaltaí atá ag teacht isteach sa scoil, agus a dtuismitheoirí siúd. Ní mór do bhainistíocht na scoile a chinntiú go mbíonn daltaí, tuismitheoirí agus baill foirne ar an eolas faoi cé hiad na múinteoirí ábhartha atá freagrach as déileáil le húdar imní faoi bhulaíocht. Ba cheart rialacha na scoile agus eolas eile ar bhulaíocht a chur ar fáil i bhfoirm a thuigfidh na daltaí agus iad a bheith ar taispeáint ar fud fhoirgneamh na scoile.
21
5.5 An ciapadh a chosc
5.5.1 Tá oibleagáid ar scoileanna faoin reachtaíocht chomhionannais bearta a dhéanamh atá indéanta go praiticiúil chun ciapadh agus ciapadh gnéasach a chosc. Coisctear faoin reachtaíocht chomhionannais ciapadh ar aon cheann de naoi bhforas: inscne lena n-áirítear trasinscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, treoshuíomh gnéasach, reiligiún, aois, míchumas, cine nó ballraíocht den Lucht Siúil. Coisctear ciapadh gnéasach faoin reachtaíocht chomhionannais, leis. Baineann na coscanna sin le gach cuid de shaol na scoile, mar shampla sna seomraí ranga, ar an bpáirc imeartha agus ar thurais scoile.
5.5.2 Ní ceadmhach do scoil ligean do dhalta dalta eile a chiapadh. Baineann an cosc leis an bhfoireann agus le gach duine a thagann chun na scoile, lena n-áirítear tuismitheoirí, foirne spóirt cuartaíochta etc. Faoin reachtaíocht chomhionannais, d’fhéadfadh scoil a bheith faoi dhliteanas más amhlaidh go ndéanann fostaí ciapadh i gcúrsa a chuid oibre, cibé arbh eol don scoil é a bheith ar siúl nó nárbh eol. Féadfaidh scoil a bheith faoi dhliteanas maidir le ciapadh a rinne duine nó daoine a bhí ag gníomhú ar a son ach nach fostaí/fostaithe a bhí iontu.
5.5.3 Ceanglaítear ar gach scoil deimhniú a thabhairt ina beartas frithbhulaíochta go ndéanfaidh an scoil, de réir a oibleagáidí faoin reachtaíocht chomhionannais, gach beart is indéanta go praiticiúil chun daltaí agus baill foirne a chosaint ar chiapadh gnéasach agus daltaí agus baill foirne a chosaint ar chiapadh ar aon cheann de na naoi bhforas, mar atá inscne lena n-áirítear trasinscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, treoshuíomh gnéasach, reiligiún, aois, míchumas, cine nó ballraíocht den Lucht Siúil.
22
6 PRÍOMHPHRIONSABAIL AN DEA-CHLEACHTAIS
6.1 Cultúr agus timpeallacht dhearfach scoile
6.1.1 Aithnítear sna forálacha seo gur cloch choirnéil é ó thaobh an bhulaíocht a chosc cultúr dearfach a bheith i réim sa scoil bunaithe ar mheas agus ar uilechuimsitheacht agus dearcadh fáilteach a bheith i réim i leith na difríochta agus na héagsúlachta. Is éifeachtaí beartas frithbhulaíochta scoile nuair a bhíonn cultúr dearfach scoile ina spreagtar meas, iontaoibh, cúram, cineáltas agus tacaíocht do dhaoine eile mar bhonn leis.
6.1 2 Gné lárnach de chultúr dearfach scoile is ea caidreamh bunaithe ar mheas a bheith i réim ar fud phobal na scoile. Áirítear air sin an caidreamh idir phiaraí (m.sh. idir dhaltaí, idir mhúinteoirí) agus an caidreamh idir ghrúpaí (m.sh. múinteoirí agus daltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí etc.)
6.1.3 Ní mór dúshlán a chur faoin mhíthuiscint gur gnáthchuid d’fhorbairt an duine í an bhulaíocht, agus go gcabhraíonn sé le daltaí foghlaim conas an fód a sheasamh. Ní mór go ndéanfadh an scoil gach iarracht chun timpeallacht a chothú ina mbraitheann na daltaí ar a gcompord ionas gur féidir leo teagmhais bhulaíochta a nochtadh agus a phlé. D’fhéadfadh sé go mba ghá dúshlán a chur faoi dhearcthaí áirithe atá i réim ionas go mbraitheann daltaí go bhfuil cúram orthu maidir le sábháilteacht agus leas a gcomhdhaltaí.
6.1.4 Mar sin ba cheart do scoileanna cainteanna oscailte idir foireann na scoile agus na daltaí a chothú agus a neartú. Ba cheart do scoileanna a chinntiú go gcuireann siad dóthain deiseanna ar fáil do dhaltaí chun gur féidir leo aon údar imní atá acu a nochtadh i dtimpeallacht ina mbraitheann siad ar a gcompord. Ba cheart rudaí a tharlaíonn lasmuigh den scoil, cibearbhulaíocht san áireamh, a phlé ar na hócáidí sin. Chun gur féidir é sin a dhéanamh, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar scoil smaoineamh ar an tslí ab fhearr le dul i ngleic le topaicí a bhíonn ceilte faoi thost agus faoi réamhchlaontaí, leithéidí na bulaíochta homafóibí.
6.1. 5 Gheofar i dTábla A príomheilimintí de chultúr dearfach scoile. Gheofar leideanna praiticiúla faoin tslí le cultúr dearfach scoile a chothú in Aguisín 2. Acmhainní eile a d’fhéadfadh a bheith úsáideach is ea Treoirlínte maidir le Folláine sna hIar-bhunscoileanna a foilsíodh in Eanáir 2013 agus an Contanam Tacaíochta a fhoilsíonn an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna.
23
Tábla A: Príomheilimintí de chultúr dearfach scoile
Admhaíonn an scoil an ceart atá ag gach ball de phobal na scoile ar thaitneamh a bhaint as a cuid nó a chuid scolaíochta i dtimpeallacht shlán. Admhaíonn an scoil gur duine ann féin é gach duine agus go bhfuil fiúntas leis an uile dhuine. Cuireann an scoil nósanna dearfacha chun cinn maidir le féinmheas, féinsmacht agus freagracht i measc phobal na scoile. Coisceann an scoil díbliú, iompar maslach, iompar seicteach, iompar ionsaitheach agus teanga ionsaitheach de gach cineál i measc phobal na scoile. Tá gealltanas soiléir tugtha ag an scoil an comhionannas a chur chun cinn i gcoitinne agus an comhionannas inscne go háirithe i ngach gné de shaol na scoile. Féadann an scoil athrú a dhéanamh más gá chun freastal ar riachtanais daltaí. Aithníonn an scoil gnéithe den churaclam trína bhféadfaí tionchar dearfach marthanach a imirt ar dhearcthaí agus ar luachanna daltaí. Déanann an scoil cúram ar leith de dhaltaí a d’fhéadfadh a bheith i mbaol agus baintear leas as córais mhonatóireachta chun idirghabháil luath nuair is gá sin. Freagraíonn sí do riachtanais, d’údair eagla agus imní daoine aonair ar shlí íogair. Aithníonn an scoil a thábhachtaí atá sé oibriú i gcomhar le tuismitheoirí agus iad a choimeád ar an eolas faoi na gnásanna atá ann chun dea-chaidreamh a chur chun cinn ar fud na scoile. Aithníonn an scoil ról na dtuismitheoirí i dtaca le cabhrú leis na daltaí scileanna éagsúla saoil a shealbhú. Aithníonn an scoil ról na ngníomhaireachtaí eile pobail i dtaca le bulaíocht a chosc agus a chomhrac. Cuireann an scoil an meas frithpháirteach, an chúirtéis agus feasacht ar a idirspleáiche atá daoine i ngrúpaí agus i bpobail chun cinn. Cuireann an scoil an fhreagracht shóisialta, an chaoinfhulaingt agus tuiscint ar a chéile chun cinn i measc phobal na scoile sa scoil agus lasmuigh di. Tá cúram coláisteach ar fhoireann na scoile, faoi stiúir an Phríomhoide, gníomhú chun iompar bulaíochta/ionsaitheach ó dhuine ar bith de phobal na scoile a chosc.
24
6.2 Ceannaireacht éifeachtach
6.2.1 Teastaíonn ceannaireacht éifeachtach, a thacaíonn le cultúr scoile ina nglactar go fonnmhar le difríochtaí, chun dea-chleachtas a chur chun cinn. Tá freagracht ar leith ar dhaoine a bhfuil róil cheannaireachta acu sa scoil cur chuige uile scoile a spreagadh i leith chosc agus chomhrac na bulaíochta.
6.2.2 Tá príomhchúram ar leith ar an bPríomhoide chun déileáil le hiompar bulaíochta sa scoil de bhrí go bhfuil ar a chumas nó ar a cumas tionchar a imirt ar dhearcthaí sa scoil agus caighdeáin a shocrú chun déileáil le hiompar den sórt sin. Ba cheart go ndéanfadh príomhoidí agus ceannairí scoile eile, agus na múinteoirí ar fad san áireamh, gach iarracht chun éiteas frithbhulaíochta a chur chun cinn. Féadann gach duine a bhfuil ról treorach aige nó aici sa scoil a chinntiú go ndéantar beart chun dúshlán a chur faoin mbulaíocht agus chun í a chomhrac. Ba cheart do cheannairí scoile páirt a thabhairt don fhoireann agus do na daltaí i dtaca le fís den scoil a chur chun cinn ina nglactar go fonnmhar le héagsúlacht.
6.2.3 De bhrí go ndéanann daltaí aithris ar iompar daoine fásta, ní mór do phríomhoidí agus do mhúinteoirí a bheith cúramach go dtugann siad dea-shampla agus nach mbaineann siad mí-úsáid as an údarás atá acu. Ina theannta sin, ní mór dóibh a bheith cothrom, daingean, soiléir agus comhsheasmhach ina mbearta araíonachta.
6.2.4 Luaitear go sainráite sa Chód Iompar Gairmiúil do Mhúinteoirí a d’fhoilsigh an Chomhairle Mhúinteoireachta na luachanna agus na caighdeáin a bhfuil súil leo ó mhúinteoirí ina gcaidreamh laethúil le daltaí.
6.2.5 Aithnítear sa Cód Iompair a Cheapadh: Treoirlínte do na Scoileanna, a d’fhoilsigh an Bord Náisiúnta um Leas Oideachais ról gach duine fásta, lena n-áirítear tuismitheoirí, i dtaca le dea-shampla a thabhairt. Deirtear ann: “Tá an cúram ar na daoine fásta sa scoil caighdeáin iompair na scoile a léiriú ina gcuid iompair féin, sa tslí ina ndéileálann siad le daltaí agus lena chéile, ós rud é gur foinse chumhachtach foghlama do dhaltaí a sampla siúd. Ba cheart go mbeifí ag súil leis go léireodh tuismitheoirí na caighdeáin iompair a bhfuiltear ag súil leo ó na daltaí. Chuige sin, ní mór dóibh a bheith ar an eolas faoi na caighdeáin sin agus tuiscint a bheith acu ar a thábhachtaí atá sé a bheith ag súil go gcloífidh
25
daltaí leis na caighdeáin iompair sin. Sampla de chaidreamh maith oibre do dhaltaí a bheidh sna slite ina ndéanann tuismitheoirí agus múinteoirí caidreamh lena chéile.”
6.3 Cur chuige scoile uile
6.3.1 Príomheilimint de chleachtas éifeachtach is ea cur chuige scoile uile (lena náirítear lucht bainistíochta, an fhoireann, na tuismitheoirí agus na daltaí) i leith déileáil le fadhb an iompair bhulaíochta.. Ní hiad siúd atá bainteach le hiompar bulaíochta amháin a bhíonn thíos leis an mbulaíocht. Féadann sé tionchar a bheith aige ar gach duine sa seomra ranga, sa scoil i gcoitinne agus uaidh sin, ar an bpobal.
6.3.2 Féadann dearcadh agus rannpháirtíocht dhearfach ar fud na scoile mórchuid a dhéanamh chun iompar bulaíochta a chloí i scoil. Le cois ról lucht bainistíochta agus ról na foirne, tá ról ag tuismitheoirí agus ag daltaí agus é de fhreagracht orthu cabhrú leis an scoil iompar bulaíochta a chosc agus déileáil leis má thagann se chun cinn. Ina theannta sin ní mór déileáil le haon tionchar diúltach a bhíonn ag iompar bulaíochta a tharlaíonn lasmuigh den scoil ar shaol na scoile. Ní mór do thuismitheoirí a aithint gur gníomh dearfach é do scoil iompar bulaíochta a phlé go hoscailte agus nach mór dóibh dul i gcomhar leis an scoil le cinntiú go mbíonn cur chuige comhtháite scoile uile ann i leith chomhrac na bulaíochta.
6.3.3 Is deacair dul i ngleic le hiompar bulaíochta a dhéantar faoi chlúdach éiginnteachta agus rúndachta, nuair is dual don dalta a bhfuil bulaíocht á déanamh uirthi nó air a bhrath nach fiú cur i gcoinne chumhacht an té atá ag gabháil don iompar bulaíochta. Teastaíonn ardleibhéal faireachais agus oscailteachta ar fud na scoile le cinntiú gur féidir dul i ngleic go cuí le hiompar bulaíochta.
6.3.4 Tá sé tábhachtach do scoileanna naisc a chur chun cinn idir an baile/an scoil/an pobal maidir le hiompar bulaíochta a chomhrac agus ba cheart é sin a spreagadh mar ghnáthchuid d’oibriú éifeachtach na scoile. Mar shampla, is minic a tharlaíonn iompar bulaíochta ar an tslí chun na scoile agus/nó abhaile uaithi. Ba cheart go n-áireofaí i mbeartas frithbhulaíochta scoile na baill sin den phobal i gcoitinne a mbíonn teagmháil laethúil ag daltaí scoile leo. D’fhéadfaí a iarraidh ar thiománaithe bus scoile, maoir tráchta scoile agus ar shiopadóirí áitiúla ról dearfach a bheith acu maidir le hiompar bulaíochta a chosc trí
26
iompar bulaíochta a thuairisciú do thuismitheoirí agus/nó don scoil, faoi mar a bheadh. D’fhéadfaí líonra a chruthú le cineálacha cur chuige den sórt sin.
6.3.5 I gcásanna áirithe, áfach, d’fhéadfadh sé go mba ghá do scoil cúnamh a lorg ó dhaoine nó ó ghníomhaireachtaí foirmiúla eile sa cheantar, ar nós NEPS, FSS, oibrithe sóisialta, oibrithe pobail, comhaltaí den Gharda Síochána etc.
6.4 Tuiscint i bpáirt faoin rud is bulaíocht ann agus faoin tionchar is féidir a bheith aici
6.4.1 Ní mór don scoil córais chuí a chur chun feidhme lena chinntiú go mbíonn tuiscint i bpáirt ag gach ball de phobal na scoile lena mbaineann ar céard is iompar bulaíochta ann, faoi mar a shainmhínítear é i Roinn 2.1 de na gnásanna seo. Braithfidh an tslí ina ndéanfaidh scoileanna an tuiscint i bpáirt seo a fhorbairt agus a scaipeadh ar aois agus ar aibíocht na ndaltaí i dtrácht, i measc nithe eile.
6.4.2 Ní mór an sainmhíniú ar bhulaíocht, na cineálacha éagsúla iompar bulaíochta agus an tionchar a bhíonn ag bulaíocht, faoi mar atá leagtha amach i Ranna 2 agus 3 de na gnásanna seo, a chur in iúl agus a mhíniú do phobal na scoile.
6.5 Feidhmiú na straitéisí oideachais agus coiscthe, lena n-áirítear bearta chun feasacht a mhúscailt
6.5.1 Ní mór cosc na bulaíochta a bheith ina chuid dhílis de bheartas scríofa frithbhulaíochta gach bunscoile agus iar-bhunscoile. Ní mór do gach scoil a dhoiciméadú ina beartas frithbhulaíochta na straitéisí sonracha oideachais agus coiscthe a chuirfidh an scoil chun feidhme. Ní mór a bheith ar áireamh ansin na bearta a dhéanfaidh an scoil chun dul i ngleic go sainráite le ceist na cibearbhulaíochta agus na bulaíochta bunaithe ar aitheantas, go háirithe bulaíocht homafóbach agus bulaíocht trasfóbach.
6.5.2 Ar na cleachtais éifeachtacha tá bearta coiscthe agus bearta chun feasacht a mhúscailt mar gheall ar gach gné den bhulaíocht agus straitéisí chun cabhrú le daltaí dul i ngleic le fadhbanna de réir mar a thagann siad chun cinn. Ní mór féachaint chuige sna straitéisí sin go gcothaítear ionbhá, meas agus athléimneacht sna daltaí.
27
6.5.3 De bhrí go bhfuil ceangal láidir idir iompar agus féinmheas, ba cheart do na scoileanna, tríd a gcuid clár curaclaim agus seach-churaclaim, féachaint le deiseanna a thabhairt do dhaltaí chun braistint dhearfach dá fhiúntas féin a chothú.
6.5.4 Ba cheart do thionscnaimh agus do chláir a dhíríonn ar fheasacht agus ar thuiscint ar bhulaíocht a chothú sna daltaí, lena n-áirítear cúiseanna le bulaíocht agus iarmhairtí na bulaíochta, déileáil go sainráite le bulaíocht bunaithe ar aitheantas agus go háirithe le bulaíocht homafóbach agus le bulaíocht trasfóbach. Slite samplacha ina bhféadfadh scoileanna dul i ngleic le bulaíocht homafóbach agus le bulaíocht trasfóbach is ea póstaeir LGBT a bheith ar chláir fógraí, ráitis ina gcuirfí fáilte roimh dhaoine LGBT agus ina léireofaí meas ar bhaill LGBT de phobal na scoile a phlé le tuismitheoirí, an acmhainn Oideachas Sóisialta, Pearsanta, Oideachais (OSPS), Ag Fás mar Dhuine LGBT, a mhúineadh agus a bheith páirteach in imeachtaí chun feasacht a mhúscailt ar cheisteanna LGBT.
6.5.5 Ní mór do bhearta coiscthe agus múscailt feasachta déileáil go sainráite leis an gcibearbhulaíocht. An tslí is fear le dul i ngleic leis an gcibearbhulaíocht ná é a chosc ar an gcéad dul síos. Ba cheart bearta coiscthe agus múscailt feasachta a dhíriú ar oideachas a chur ar dhaltaí faoin tslí le hiad féin a iompar ar líne, faoin tslí le bheith sábháilte ar líne agus ar conas cultúr a chothú ina dtuairiscítear aon údar imní mar gheall ar chibearbhulaíocht. Gnéithe tábhachtach den chur chuige sin is ea cur chuige scoile uile a bheith ann agus ról gníomhach a bheith ag tuismitheoirí, faoi mar a shainítear i Roinn 6.3. Ba cheart a chur san áireamh sna bearta coiscthe agus múscailt feasachta an deis atá ann chun gabháil don chibearbhulaíocht ar áiseanna teicneolaíochta atá ar fáil laistigh den scoil.
6.5.6 Ba cheart cúram speisialta a dhéanamh do dhaltaí faoi mhíchumas agus do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus bearta á ndéanamh ag scoil chun dul i ngleic le hiompar bulaíochta nó é a chosc. Ní mór an beartas frithbhulaíochta a bheith i gcomhréir le beartais agus tacaíochtaí eile na scoile agus a chinntiú go n-oibríonn na seirbhísí ar fad a dhéanann soláthar do dhaltaí mar iad as lámha a chéile. Ar na bearta is féidir a dhéanamh chun an dóchúlacht go ndéanfar bulaíocht ar dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a laghdú tá cuimsiú a fheabhsú, díriú ar scileanna sóisialta a shealbhú, aird a dhíriú ar phríomhócáidí mar an t-athrú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil
28
agus dea-chultúr scoile a chothú ina léirítear meas ar chách agus ina dtugtar lámh chúnta don uile dhuine.
6.5.7 Ní mór bearta coiscthe agus múscailt feasachta scoile a bheith ar aon dul leis an gcineál bulaíochta a bhíonn i gceist agus aois agus inscne na ndaltaí i dtrácht a chur san áireamh. Ní mór do gach scoil a dícheall a dhéanamh chun feasacht ar bhulaíocht a mhúscailt ionas go dtuigfidh gach ball de phobal na scoile an rud is bulaíocht ann agus an tslí ina ndéileálann an scoil le hiompar bulaíochta.
6.5.8 Mar shampla, d’fhéadfadh scoileanna lá foirne a eagrú ar ábhar na bulaíochta agus lá feasachta a eagrú ag an am céanna do dhaltaí agus do thuismitheoirí. D’fhéadfadh lá feasachta ar bhulaíocht an fhéinmhuinín is gá a thabhairt do thuismitheoirí dalta a bhfuil bulaíocht á déanamh uirthi nó air chun í a thuairisciú don scoil. Chabhródh sé, leis, chun teachtaireacht shoiléir a thabhairt do thuismitheoirí an dalta atá ag gabháil don bhulaíocht go bhfuil sé de fhreagracht orthu díriú ar iompar a bpáiste.
6.5.9 Féadann múinteoirí tionchar dearfach a bheith acu ar iompar bulaíochta trí thionscnaimh churaclaim éagsúla. Tá roinnt comhpháirteanna agus clár sa churaclam atá ábhartha maidir le bulaíocht a chosc agus meas ar éagsúlacht agus ar chuimsiú a chothú. Déantar foráil speisialta sa churaclam OSPS chun féachaint ar iompar bulaíochta agus ar na réimsí gaolmhara seo: muintearas agus imeascadh, cumarsáid, coimhlint, cairdeas, sábháilteacht phearsanta agus caidreamh. Clár scileanna sábháilteachta pearsanta a mhúintear i mbunscoileanna is ea an clár ‘Bí Slán’, a fhéachann le scileanna féinchosanta leanaí a mhéadú, lena n-áirítear a gcumas bulaíocht a aithint agus déileáil léi. Sa Chlár Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta iar-bhunscoile tá deiseanna chun réimsí ar nós na gnéasachta agus an chaidrimh a chíoradh agus a phlé, rudaí a bhfuil baint mhór acu le bulaíocht bunaithe ar aitheantas. Tá cláir oideachais sóisialta, sláinte agus oideachas meán eile ann ina bhféadfaí díriú ar fhadhb an iompair bhulaíochta. Mar shampla tá creat sa chlár Scoileanna ar mhaithe leis an tSláinte in Éirinn a thugann treoir ar an tslí le scoil ina gcothaítear an tsláinte a chruthú.
6.5.10 Tá spás i ngach ábhar le dearcadh a chothú ar mhaithe le meas ar chách; a thábhachtaí atá an éagsúlacht; conas réamhchlaonadh agus steiréitíopáil a sheachaint agus béim a leagan ar a neamh-inghlactha atá iompar bulaíochta. Sa Bhéarla, tá raon leathan litríochta a d’fhéadfaí a úsáid chun plé a spreagadh. San Oideachas Saoránach, Sóisialta
29
agus Polaitiúil (OSSP) cuirtear béim ar a idirspleáiche atá na daoine i bpobail áitiúla, réigiúnacha agus idirnáisiúnta. Sa Tíreolaíocht agus sa Stair, d’fhéadfaí tagairtí don choilíniú, don dúshaothrú agus do dheachtóireachtaí a úsáid chun mí-úsáid cumhachta a léiriú. D’fhéadfaí na hiarrachtaí sin a leathnú isteach i réimsí eile ar nós na hEalaíne, na Drámaíochta, an Oideachais Reiligiúnaigh, agus an Chorpoideachais. Is féidir comhoibriú agus iarrachtaí grúpa a chur chun cinn i spóirt foirne, i gclubanna agus i gcumainn scoile agus trí mheán ábhair phraiticiúla. Is minic a bhíonn deiseanna den scoth le fáil i ngníomhaíochtaí spóirt chun ionsaitheacht a úsáid ar mhaithe le rud fiúntach a bhaint amach agus chun féinsmacht a fhoghlaim.
6.6 Maoirseacht agus monatóireacht éifeachtach ar dhaltaí
6.6.1 Cúram de chuid bhainistíocht na scoile i gcomhar leis an bhfoireann agus leis na daltaí is ea é córas a fhorbairt faoin gcuirfear bearta maoirseachta agus monatóireachta i bhfeidhm chun iompar bulaíochta a chosc agus chun déileáil leis, má thagann sé chun cinn. Is fusa idirghabháil luath a dhéanamh má bhíonn córais mhaithe maoirseachta agus monatóireachta i bhfeidhm. D’fhéadfadh maoirseacht ar ghníomhaíochtaí scoile ar bhonn róta a bheith ar áireamh sna bearta sin. Féadann sé a bheith an-úsáideach “áiteanna te” agus “amanna te” a shainaithint chun bulaíocht a chosc agus déileáil léi. D’fhéadfaí féachaint ar gach dalta, go háirithe daltaí sinsearacha, mar acmhainn ar mhaithe le bulaíocht a chomhrac. Féadfaidh comhairlí scoile, más ann dóibh, agus clubanna agus cumainn eile scoile, a bheith an-tábhachtach sa mhéid seo. Ba cheart go gcabhródh an fhoireann neamhtheagaisc chun iompar bulaíochta a chomhrac sa scoil. Lena chois sin, teastaíonn straitéisí agus bearta a mbeadh na tuismitheoirí ar fad bainteach leo.
6.6.2 Ní mór é a bheith deimhnithe i mbeartas frithbhulaíochta na scoile go bhfuil beartais chuí maoirseachta agus monatóireachta i bhfeidhm chun iompar bulaíochta a chosc agus déileáil léi.
6.7 Tacaíochtaí don fhoireann
6.7.1 Ní mór don Bhord Bainistíochta a chinntiú go mbíonn dóthain eolais ag foireann na scoile ar bheartas frithbhulaíochta na scoile le gur féidir leo an beartas a chur i bhfeidhm go héifeachtach comhsheasmhach nuair is gá. Ba cheart na tacaíochtaí don fhoireann a bheith oiriúnach do ról an mhúinteora agus a chur ar chumas na foirne bulaíocht a
30
shainaithint, straitéisí éifeachtacha a chur chun feidhme chun bulaíocht a chosc agus idirghabháil éifeachtach a dhéanamh i gcásanna bulaíochta, nuair is gá.
6.7.2 Ní mór don Bhord Bainistíochta socruithe cuí a dhéanamh chun a chinntiú go mbíonn dóthain eolais ag foireann shealadach agus ag foireann ionaid ar chód iompair agus ar bheartas frithbhulaíochta na scoile.
6.8 Teagmhais bhulaíochta a thaifeadadh agus a imscrúdú go comhsheasmhach agus obair leantach a dhéanamh ina dtaobh (lena n-áirítear straitéisí aitheanta idirghabhála a úsáid)
6.8.1 Is gá cur chuige comhsheasmhach soiléir a ghlacadh i leith déileáil le bulaíocht nuair a thagann sé chun cinn chun cleachtas éifeachtach a chothú. Sa roinn seo gheobhaidh scoileanna treoir i dtaca leis an ngá atá le straitéisí idirghabhála bunaithe a úsáid agus féachaint chuige go ndéantar iompar bulaíochta a thaifeadadh, a imscrúdú agus obair leantach a dhéanamh ina thaobh.
6.8.2 Féadfaidh dalta nó tuismitheoir údar imní bulaíochta a chur faoi bhráid múinteoir ar bith sa scoil. Ní mór do mhúinteoirí aonair bearta cuí a dhéanamh má thuairiscítear iompar bulaíochta dóibh, i gcomhréir le beartas frithbhulaíochta na scoile.
6.8.3 Sna gnásanna seo, tabharfar an “múinteoir ábhartha” ar an mball foirne ar a bhfuil freagracht as bulaíocht a imscrúdú agus déileáil léi. Sna bunscoileanna, an múinteoir ranga a bheidh ina mhúinteoir ábhartha de ghnáth. Sna hiar-bhunscoileanna, cinnfidh an scoil, ag féachaint dá cúinsí féin, cén bhall foirne a mbeidh an fhreagracht seo uirthi nó air.
6.8.4 Ní mór na múinteoirí ábhartha sa scoil i dtrácht a bheith luaite go soiléir i mbeartas frithbhulaíochta scoile. Ní gá ainm an mhúinteora ábhartha a lua sa bheartas fad atá sé sách soiléir do chách, cé ar a bhfuil an fhreagracht sin.
Straitéisí idirghabhála bunaithe
6.8.5 Aibhsíodh sa Phlean Gníomhaíochta ar Bhulaíocht , a foilsíodh ar shuíomh Gréasáin na Roinne in Eanáir 2013, a thábhachtaí atá sé go n-aithneodh scoileanna straitéisí idirghabhála fianaise-bhunaithe agus go gcuirfí na straitéisí sin chun feidhme go comhsheasmhach chun déileáil le cásanna d’iompar bulaíochta agus deireadh a chur leis.
31
6.8.6 Tá cineálacha éagsúla cur chuige agus straitéisí idirghabhála ann a d’fhéadfadh scoileanna a úsáid. I ngeall ar a chasta atá iompar bulaíochta admhaítear i gcoitinne nach bhfuil aon idirghabháil ann a oibríonn i ngach cás. Tá taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta ar siúl sa réimse seo an t-am ar fad agus athbhreithniú á dhéanamh ar a éifeachtaí atá straitéisí ar leith.
6.8.7 Mar sin ní mór do gach scoil an modh nó na modhanna idirghabhála is oiriúnaí di féin a chinneadh. Agus an modh nó na modhanna idirghabhála is oiriúnaí á roghnú i ngach scoil, tá sé tábhachtach taighde a dhéanamh ar na teicnící idirghabhála i dtrácht, agus tuiscint a fháil orthu, mar is amhlaidh i gcás na dtoimhdí agus an réasúnaíocht a ghabhann leis na modhanna sin. Moladh amháin a rinneadh sa Phlean Gníomhaíochta ar Bhulaíocht is ea suíomh Gréasáin náisiúnta frithbhulaíochta a bhunú a bheadh ina acmhainn úsáideach do na scoileanna.
6.8.8 Chun a chinntiú go mbeidh pobal uile na scoile soiléir faoin tslí le déileáil le cásanna bulaíochta, ní mór an modh/na modhanna idirghabhála a úsáidfear sa scoil a shonrú i mbeartas frithbhulaíochta na scoile.
Gnásanna chun iompar bulaíochta a imscrúdú agus déileáil leis
6.8.9 Ní mór d’údaráis scoile a chinntiú go mbíonn gnásanna soiléir ag an scoil chun bulaíocht a imscrúdú agus déileáil léi agus go mbíonn na gnásanna sin leagtha amach i mbeartas frithbhulaíochta na scoile. Ní mór gnásanna na scoile a bheith ar aon dul leo seo a leanas:
(i) Is é an phríomhaidhm a bheidh ag an múinteoir ábhartha agus bulaíocht á imscrúdú aici/aige aghaidh a thabhairt ar aon cheist is gá a réiteach agus an gaol idir na páirtithe i dtrácht a chur ar ais mar a bhí sé an oiread is indéanta sin (seachas milleán a chur); (ii) Agus imscrúdú ar bhulaíocht á dhéanamh, nó nuair a bhítear ag déileáil le bulaíocht, feidhmeoidh an múinteoir a breithiúnas gairmiúil chun a chinneadh cibé an ndearnadh bulaíocht agus conas ab fhearr déileáil leis an bhfadhb;
32
(iii) Ní mór don mhúinteoir ábhartha gach tuairisc, lena n-áirítear tuairiscí gan ainm, a imscrúdú agus déileáil leo. Ar an tslí sin beidh níos mó muiníne ag daltaí gur fiú bulaíocht a thuairisciú. Tá sé ríthábhachtach an mhuinín sin a chothú i measc na ndaltaí. Ba cheart é a rá go soiléir leis na daltaí nach ag tabhairt leideanna atá siad nuair a thuairiscíonn siad teagmhais bhulaíochta ach á n-iompar féin ar shlí fhreagrach; (iv) Ní mór an fhoireann neamhtheagaisc – rúnaithe, cúntóirí riachtanas speisialta, coimhdirí iompar scoile, airígh, glantóirí – a spreagadh chun aon teagmhas d’iompar bulaíochta a fheiceann siad, nó a luaitear leo, a thuairisciú don mhúinteoir ábhartha; (v) Ní mór do thuismitheoirí agus do dhaltaí comhoibriú le haon imscrúdú agus cabhrú leis an scoil aon cheist bhulaíochta a réiteach agus an caidreamh a bhíodh idir na páirtithe atá bainteach leis an mbulaíocht a chur ar ais mar a bhí sé, a mhéad is indéanta sin. (vi) Tá sé ríthábhachtach go mbeadh tuiscint ar gach duine atá bainteach leis (lena n-áirítear gach grúpa daltaí agus tuismitheoirí) ar an gcur chuige thús ón gcéad lá; (vii) Ba cheart cur chuige réidh, fadhbréitigh, neamhmhothúchánach a bheith ag múinteoirí agus iad ag déileáil le líomhaintí d’iompar bulaíochta a thuairiscíonn daltaí, baill foirne nó tuismitheoirí dóibh; (viii) Is fearr de ghnáth teagmhais a imscrúdú lasmuigh den seomra ranga chun príobháideacht gach duine atá bainteach leis a chosaint. (ix) Ba cheart gach agallamh a dhéanamh go híogair ag féachaint do chearta gach dalta i dtrácht. D’fhéadfadh daltaí nach bhfuil baint dhíreach acu leis an mbulaíocht eolas úsáideach a sholáthar in agallamh mar sin; (x) Agus anailís á déanamh ar theagmhais d’iompar bulaíochta, ba cheart don mhúinteoir ábhartha freagraí a lorg ar na ceisteanna céard, cá háit, cathain, cén duine nó cé na daoine, agus cad chuige? Ba cheart na ceisteanna sin a chur go ciúin síochánta, chun sampla a thabhairt den tslí le déileáil le coimhlint go héifeachtach neamhionsaitheach. (xi) Má bhíonn grúpa i gceist, ba cheart agallamh a chur ar gach duine den ghrúpa ina nduine agus ina nduine. Ba cheart labhairt leis an ngrúpa ar fad ina dhiaidh sin. Ag an gcruinniú grúpa, ba cheart a iarraidh ar gach ball cuntas a thabhairt
33
ar an méid a chonaic sé/sí le bheith cinnte go gcloiseann an grúpa ar fad cuntais a chéile. (xii) Ba cheart tacú le gach ball sa ghrúpa i bhfianaise na mbrúnna a d’fhéadfadh baill eile sa ghrúpa a chur orthu tar éis an agallaimh leis an múinteoir; (xiii) D’fhéadfadh sé a bheith oiriúnach nó cabhrach iarraidh ar na daoine a bhí bainteach leis an teagmhas a gcuntas ar an teagmhas a scríobh síos; (xiv) I gcásanna ina gcinneann an múinteoir ábhartha go ndearnadh bulaíocht, ba cheart teagmháil a dhéanamh, a luaithe is féidir, le tuismitheoirí na bpáirtithe i dtrácht chun iad a chur ar an eolas faoin scéal agus na bearta a dhéanfar a mhíniú doibh (le tagairt do bheartas na scoile). Ba cheart go dtabharfadh an scoil deis phlé do na tuismitheoirí ar shlite ina bhféadfaí bearta na scoile agus an tacaíocht do na daltaí a athneartú nó a mhéadú; (xv) I gcás ina gcinneann an múinteoir ábhartha go raibh dalta ag gabháil d’iompar bulaíochta, ba cheart é a chur ar a súile nó ar a shúile di nó dó go soiléir gur sháraigh sí nó sé beartas frithbhulaíochta na scoile agus ba cheart iarrachtaí a dhéanamh chun go bhféachfadh sí nó s an scéal ó thaobh an dalta a bhfuil an bhulaíocht á déanamh air nó uirthi nó air; (xvi) Ní mór é a bheith soiléir don uile dhuine atá bainteach leis (gach grúpa daltaí agus tuismitheoirí) in aon chás ina mbíonn gá le smachtú, gur ceist phríobháideach é idir an dalta atá á smachtú, a tuismitheoirí nó a thuismitheoirí agus an scoil; (xvii) Ba cheart cruinnithe breise leis na páirtithe i dtrácht a shocrú chun iarracht a dhéanamh iad a thabhairt le chéile níos faide anonn má bhíonn an dalta a ndearnadh an bhulaíocht uirthi nó air sásta leis sin. Féadann tairbhe theiripeach a bheith ag gabháil le cruinnithe mar sin; (xviii) I gcásanna ina measann an múinteoir ábhartha nár caitheadh go leordhóthanach leis an iompar bulaíochta laistigh de 20 lá scoil tar éis di/dó a chinneadh gur tharla iompar bulaíochta, ní mór don mhúinteoir ábhartha é sin a thaifead sa teimpléad taifeadta a chuirtear ar fáil in Aguisín 3 (Féach Roinn 6.8.10 (iii)); (xix) Agus cinneadh á dhéanamh cibé ar déileáladh go cuí agus go leordhóthanach le cás bulaíochta, ní mór don mhúinteoir ábhartha, mar chuid dá breithiúnas nó dá bhreithiúnas gairmiúil, na tosca seo a leanas a chur san áireamh:
34
 Cibé ar scoireadh den iompar bulaíochta ó shin;  Cibé ar réitíodh, a mhéad ab fhéidir, aon cheist a bhí le réiteach idir na páirtithe;  Cibé an bhfuil an caidreamh idir na páirtithe curtha ar ais mar a bhí sé, a mhéad is indéanta;  Aon aiseolas a fuarthas ó na páirtithe i dtrácht, óna dtuismitheoirí nó ó Phríomhoide nó Leas-Phríomhoide na scoile.
(xx) I gcás nach bhfuil tuismitheoir sásta gur dhéileáil an scoil le cás bulaíochta i gcomhréir leis na gnásanna seo, ní mór gnásanna na scoile maidir le gearán a dhéanamh a chur in iúl don tuismitheoir; (xxi) I gcás ina mbaineann an tuismitheoir úsáid as gnásanna na scoile maidir le gearán a dhéanamh agus nach bhfuil sí/sé sásta fós, ní mór don scoil a insint don tuismitheoir go bhfuil sé de cheart aici/aige gearán a dhéanamh le hOmbudsman na Leanaí.
Gnásanna chun iompar bulaíochta a thaifeadadh
6.8.10 Ní mór don Bhord Bainistíochta a chinntiú go mbíonn gnásanna soiléire ag an scoil chun iompar bulaíochta a nótáil agus a thuairisciú go foirmiúil agus ní mór na gnásanna sin a bheith doiciméadaithe mar chuid de bheartas frithbhulaíochta na scoile. Ní mór gach taifead a choimeád i gcomhréir leis an reachtaíocht chuí cosanta sonraí. Ní mór do ghnásanna na scoile chun iompar bulaíochta a nótáil agus a thuairisciú cloí leis na rialacha seo a leanas:
(i) Bíodh is go gcaithfear gach tuairisc, lena n-áirítear tuairiscí gan ainm i dtaobh bulaíochta, a imscrúdú agus go gcaithfidh an múinteoir ábhartha déileáil leo, bainfidh an múinteoir ábhartha leas as a breithiúnas gairmiúil i dtaca leis na taifid de na tuairiscí sin a bheidh le coinneáil, na bearta a dhéanfar agus aon phlé leo siúd atá bainteach leis an mbulaíocht maidir leis an gcéanna; (ii) Má fhaigheann an múinteoir ábhartha go ndearnadh bulaíocht, ní mór don mhúinteoir ábhartha taifid scríofa a choimeád chun cabhrú léi/leis an cheist a réiteach agus an gaol idir na páirtithe a chur ar ais mar a bhí sé, a mhéad is indéanta.
35
(iii) Ní mór don mhúinteoir ábhartha an teimpléad tuairiscithe in Aguisín 3 a úsáid chun an t-iompar bulaíochta a thaifeadadh sna cásanna seo a leanas:
a) i gcásanna ina measann sé/sí nár díríodh go leordhóthanach ná go cuí ar an iompar bulaíochta laistigh de 20 lá scoil tar éis dó/di a chinneadh gur tharla iompar bulaíochta; agus b) i gcás inar chinn an scoil, mar chuid dá bheartas frithbhulaíochta, go gcaithfear iompar bulaíochta a thaifeadadh i gcásanna áirithe agus é a thuairisciú láithreach don Phríomhoide nó don Leasphríomhoide, faoi mar a bheadh.
I ngach ceann de chásanna (a) agus (b) thuas, ní mór an teimpléad taifeadta in Aguisín 3 a chomhlánú ina iomláine agus ní mór don mhúinteoir i dtrácht é a choimeád agus cóip a chur ar fáil don Phríomhoide nó don Leas-Phríomhoide, faoi mar a bheadh. Ba cheart é a nótáil nach gciallaíonn an amlíne chun iompar bulaíochta a thaifeadadh sa teimpléad taifeadta ag Aguisín 3 nach féidir leis an múinteoir ábhartha dul i gcomhairle leis an bPríomhoide nó an LeasPhríomhoide ag céim níos luaithe i dtaca le cás.
Bulaíocht mar chuid de chontanam iompair
6.8.11 Tá sé tábhachtach, leis, a thabhairt ar aird go bhféadfann iompar bulaíochta a bheith ina chuid de chontanam iompair seachas ina ghníomh neamhspleách agus i gcásanna áirithe féadfaidh an t-iompar iompú ina ionsaí nó ina chiapadh tromchúiseach fisiciúil nó gnéasach. Chun a chinntiú go ndéileáltar le cásanna den sórt sin go cuí, ní mór foráil a dhéanamh i mbeartas frithbhulaíochta na scoile le haghaidh nascacht chuí leis an gcód iompair agus chun cásanna a tharchur chuig gníomhaireachtaí agus údaráis sheachtracha, nuair is cuí. I gcásanna ina bhfuil údar tromchúiseach imní ag an scoil i dtaobh iompar dalta, ba cheart comhairle a lorg ón tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS).
Cásanna tromchúiseacha a tharchur chuig FSS
6.8.12 I dtaca le bulaíocht sna scoileanna foráiltear in Tús Áite do Leanaí – Treoir Náisiúnta maidir le Cosaint agus Leas Páistí, 2011 (Tús Áite do Leanaí) agus sna Gnásanna um Chosaint Leanaí i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna “i gcásanna
36
ina dtarlaíonn teagmhas tromchúiseach agus ina bhféachtar ar an iompar mar iompar a d’fhéadfadh a bheith mí-úsáideach, ní mór don scoil dul i gcomhairle le Seirbhísí Sóisialta FSS do Leanaí agus do Theaghlaigh d’fhonn freagairt chuí a dhréachtú, ar nós plean bainistíochta”.
6.8.13 Ba cheart teagmhais thromchúiseacha d’iompar bulaíochta a tharchur, faoi mar atá leagtha síos in Tús Áite do Leanaí agus sna Gnásanna um Chosaint Leanaí i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna, chuig Seirbhís Leanaí agus Teaghlaigh FSS agus/nó na Gardaí, faoi mar a bheadh.
6.8.14 Foráiltear, leis, sna Gnásanna um Chosaint Leanaí i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna go gcaithfidh an Teagmhálaí Ainmnithe comhairle a lorg ó Sheirbhísí Leanaí agus Teaghlaigh FSS i gcás ina bhfuil údar imní ag pearsanra scoile mar gheall ar pháiste ach nach bhfuil siad cinnte ar cheart an cás a thuairisciú d’FSS.
Tacaíochtaí do dhaltaí a ndearnadh bulaíocht orthu
6.8.15 Ní mór clár tacaíochta a bheith i bhfeidhm do dhaltaí a ndearnadh bulaíocht orthu. D’fhéadfadh comhairleoireacht agus/nó deiseanna chun a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí chun a bhféinmheas a mhéadú, a scileanna cairdis agus sóisialta a fhorbairt agus athléimneacht a chothú iontu a bheith ag teastáil ó dhaltaí mar sin.
6.8.16 Ní mór clár tacaíochta do dhaltaí a bhí ag gabháil d’iompar bulaíochta a bheith mar chuid de phróiseas idirghabhála na scoile, leis. Bíonn cúnamh leanúnach de dhíth ar dhaltaí a bhí bainteach le hiompar bulaíochta. Daltaí nach leor a bhféinmheas, ba cheart deiseanna a thabhairt dóibh chun a gcuid braistintí féinfhiúntais a mhéadú. Mar sin beidh sé tábhachtach sna straitéisí foghlama a chuirtear chun feidhme sa scoil foráil a bheith déanta chun braistint daltaí faoina bhfiúntas féin a mhéadú. D’fhéadfadh comhairleoireacht a bheith de dhíth ar dhaltaí a ghabhann d’iompar bulaíochta chun gur féidir leo bealaí eile a fhoghlaim chun a gcuid riachtanas a chomhlíonadh gan cearta daoine eile a shárú.
6.8.17 Daltaí a thugann teagmhais d’iompar bulaíochta faoi deara, ba cheart iad a spreagadh chun na teagmhais sin a phlé le múinteoirí.
6.8.18 Ba cheart sonraí chlár na scoile chun dul i mbun oibre le daltaí a ndearnadh bulaíocht orthu a bheith leagtha amach i mbeartas frithbhulaíochta na scoile.
37
6.9 Meastóireacht leanúnach ar a éifeachtaí atá an beartas frithbhulaíochta
6.9.1 Ba cheart athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar a éifeachtaí atá beartas frithbhulaíochta na scoile i bhfianaise na dteagmhas d’iompar bulaíochta a thagann chun cinn. Ba cheart don scoil soláthar a dhéanamh do scrúdú tréimhsiúil ar na straitéisí coiscthe agus idirghabhála atá i bhfeidhm. Féadann suirbhéanna ar dhaltaí, ar an bhfoireann agus ar thuismitheoirí, má dhéantar i gceart iad, faisnéis thábhachtach a sholáthar mar gheall ar a éifeachtaí atá na bearta frithbhulaíochta atá i bhfeidhm agus aon treochtaí suntasacha iompair inarbh fhiú idirghabháil luath a dhéanamh a shainaithint.
6.9.2 Beidh an teimpléad in Aguisín 3 chun bulaíocht a thaifeadfadh agus a thuairisciú don Phríomhoide nó don Leas-Phríomhoide ina fhoinse sonraí mhórluachmhar i dtaca le hiompar bulaíochta sa scoil, foinse a mbeidh teacht éasca air. Ní mór sonraí a bhailítear ó na tuairiscí sin a chomhthiomsú agus a anailísiú go rialta (uair sa scoilbhliain ar a laghad) ar mhaithe le monatóireacht a dhéanamh ar leibhéil iompair bhulaíochta agus aon cheist ar gá díriú uirthi nó aon treocht shuntasach iompair a shainaithint. Ní mór cóip den anailís sin a choimeád agus a chur ar fáil don Bhord Bainistíochta. Ba cheart freagairtí cuí a dhréachtú ar aon cheist a aithnítear agus an fhreagairt sin a chur chun feidhme.
6.9.3 Moltar cur chun feidhme an bheartais fhrithbhulaíochta agus a éifeachtaí sé a bheith mar mhír den chlár oibre ag cruinnithe foirne le cinntiú go ndéantar údair imní mar gheall ar an mbeartas nó mar gheall ar leas daltaí aonair a roinnt agus go ndírítear orthu go héifeachtach.
38
7. MAOIRSEACHT
7.1 Tuarascálacha achoimre tréimhsiúla chuig an mBord Bainistíochta
7.1.1 Ní mór don Phríomhoide tuairisciú don Bhord Bhainistíochta uair sa téarma, ar a laghad, agus an t-eolas seo a leanas a sholáthar:
(i) líon iomlán na gcásanna bulaíochta a tuairiscíodh (ar an teimpléad taifeadta bulaíochta in Aguisín 3) ó tuairiscíodh don Bhord an uair dheireanach agus (ii) a dheimhniú gur déileáladh le gach cás ag (i) díobh, nó go bhfuiltear ag déileáil leo, de réir bheartas frithbhulaíochta na scoile agus de réir na nGnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile.
7.1.2 Ní mór an méid thuas a bheith taifeadta i miontuairiscí chruinniú an Bhoird Bhainistíochta ach níor cheart aon sonraí a thaifeadadh lena bhféadfaí na daltaí i dtrácht a shainaithint.
7.2 Athbhreithniú Bliantúil a dhéanfaidh an Bord Bainistíochta
7.2.1 Ní mór don Bhord Bainistíochta athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar bheartas frithbhulaíochta na scoile agus ar an tslí ina gcuirtear chun feidhme é.
7.2.2 Gheofar in Aguisín 4 leis na gnásanna seo seicliosta caighdeánach le húsáid le linn an athbhreithnithe sin. Ba cheart a nótáil go dteastóidh na rudaí seo a leanas chun an seicliosta a chomhlánú: scrúdú agus athbhreithniú ar anailís chainníochtúil agus ar anailís cháilíochtúil ar eilimintí éagsúla d’fheidhmiú bheartas frithbhulaíochta na scoile. 7.2.3 Ní mór plean gníomhaíochta a bheith i bhfeidhm ag an scoil chun díriú ar réimse ar bith a mheastar san athbhreithniú gur gá feabhsuithe a dhéanamh air.
7.2.4 Ní mór fógra scríofa gur athbhreithníodh beartas frithbhulaíochta na scoile a chur ar fáil do phearsanra na scoile, a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin na scoile (nó mura bhfuil suíomh ag an scoil, a chur ar fáil ar shlí eile do thuismitheoirí agus do dhaltaí ar iarratas) agus do Chumann na dTuismitheoirí (más ann dó). Gheofar fógra caighdeánach chuige sin
39
in Aguisín 4, foirm a chaithfear a úsáid. Ní mór taifead den athbhreithniú agus a thoradh a chur ar fáil don phátrún agus don Roinn, leis, má iarrtar é.
7.3 Cigireacht na Roinne
7.3.1 Tá clár meastóireachtaí scoile i bhfeidhm ag Cigireacht na Roinne sna bunscoileanna agus sna hiar-bhunscoileanna. Measann cigirí gnéithe d’obair na scoile, lena n-áirítear beartais agus gnásanna chun tacú le folláine na ndaltaí. Ag éirí as gealltanais a rinneadh sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Bulaíocht, beidh an Chigireacht ag díriú níos mó ar na bearta a dhéanann scoileanna chun cultúr dearfach scoile a chothú agus chun bulaíocht a chosc agus déileáil léi. Tiocfaidh sé sin i bhfeidhm i scoilbhliain 2013-14 agus beidh feidhm aige maidir leis an mheastóireacht scoile uile agus le meastóireachtaí eile.
40
Aguisín 1 Teimpléad le haghaidh beartas frithbhulaíochta
Ní mór gach cuid den teimpléad seo a chomhlíonadh.
1. I gcomhréir le riachtanais an Acht Oideachais (Leas) 2000 agus na dtreoirlínte faoi chód iompair a d’eisigh an Bord Náisiúnta um Leas Oideachais tá an beartas frithbhulaíochta seo a leanas glactha ag Bord Bainistíochta _______________________ mar chuid de chód iompair iomlán na scoile. Géilleann an beartas go huile agus go hiomlán do riachtanais Ghnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile a foilsíodh i Meán Fómhair 2013.
2. Aithníonn an Bord Bainistíochta a thromchúisí atá iompar bulaíochta agus a dhiúltaí a d’fhéadfadh a thionchar a bheith ar dhaltaí, agus geallann an scoil dá réir cloí leis na príomhphrionsabail dea-chleachtais seo a leanas agus iompar bulaíochta á chosc agus á chomhrac.
 Cultúr dearfach a bheith i réim sa scoil: o ina nglactar go fonnmhar le difríocht agus le héagsúlacht agus ina léirítear meas ar chuimsitheacht; o ina spreagtar daltaí chun iompar bulaíochta a nochtadh agus a phlé i dtimpeallacht neamhbhagrach; agus o ina gcuirtear caidreamh bunaithe ar mheas chun cinn ar fud phobal na scoile;  Ceannaireacht éifeachtach;  Cur chuige scoile uile;  Tuiscint i bpáirt faoin rud is bulaíocht ann agus faoin tionchar is féidir a bheith aige  Feidhmiú straitéisí oideachais agus coiscthe (lena n-áirítear bearta chun feasacht a mhúscailt) o a chothaíonn ionbhá, meas agus athléimneacht sna daltaí; agus o ina dtéitear i ngleic go sainráite le cibearbhulaíocht agus le bulaíocht bunaithe ar aitheantas, lena n-áirítear bulaíocht homafóbach agus trasfóbach;  Maoirseacht agus monatóireacht éifeachtach ar dhaltaí;  Tacaíochtaí don fhoireann;  Teagmhais bhulaíochta a thaifeadadh agus a imscrúdú ar shlí chomhsheasmhach agus obair leantach a dhéanamh ina dtaobh (lena n-áirítear straitéisí aitheanta idirghabhála a úsáid); agus  Meastóireacht leanúnach ar a éifeachtaí atá an beartas frithbhulaíochta.

41
3. I gcomhréir le Gnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile seo é an sainmhíniú ar bhulaíocht:
An rud a thuigtear le bulaíocht ná iompar diúltach neamhiarrtha, bíodh sé i bhfoirm iompar briathartha, síceolaíoch nó fisiciúil, a dhéanann duine aonair nó grúpa in aghaidh duine nó daoine eile, agus a dhéantar arís agus arís eile.
Áirítear na cineálacha iompair bhulaíochta seo a leanas ar an sainmhíniú ar bhulaíocht:
 duine a fhágáil as an áireamh d’aon ghnó, gabháil do chúlchaint mhailíseach agus do chineálacha eile caidrimh bhulaíochta idir dhaoine;  cibearbhulaíocht; agus  bulaíocht bunaithe ar aitheantas, ar nós bulaíocht homafóbach, bulaíocht chiníoch, bulaíocht bunaithe ar bhallraíocht den Lucht Siúil agus bulaíocht ar dhuine faoi mhíchumas nó ar dhuine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais aici/aige.
Ní chuimsíonn an sainmhíniú seo ar bhulaíocht teagmhais aonraithe nó teagmhais aon uaire d’iompar diúltach d’aon turas, lena n-áirítear téacsteachtaireacht mhaslach nó goilliúnach aon uaire nó teachtaireachtaí príobháideacha eile agus ba cheart déileáil leo, mar is cuí, de réir chód iompair na scoile.
Ach, i bhfianaise an bheartais seo, féachfar ar theachtaireacht, íomhá nó ráiteas poiblí goilliúnach aon uaire ar shuíomh Gréasáin líonra poiblí nó ar fhóram poiblí eile ar féidir an teachtaireacht, an íomhá nó an ráiteas sin a fheiceáil air agus/nó a bheith athráite ag daoine eile mar iompar bulaíochta.
Iompar diúltach nach n-áirítear sa sainmhíniú seo ar bhulaíocht, déileálfar leis de réir chód iompair na scoile.
Gheofar eolas breise ar na cineálacha éagsúla bulaíochta i Roinn 2 de na Gnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile.
4. Seo a leanas an múinteoir/na múinteoirí ábhartha a dhéanfaidh bulaíocht a imscrúdú agus a dhéileálfaidh léi: (féach Roinn 6.8 de na Gnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iarbhunscoile):
42
5. Seo a leanas na straitéisí oideachais agus coiscthe (lena n-áirítear straitéisí a bheidh dírithe go sonrach ar an gcibearbhulaíocht agus ar bhulaíocht bunaithe ar aitheantas, go háirithe bulaíocht homafóbach agus trasfóbach) a bheidh in úsáid sa scoil (Féach Roinn 6.5 de na Gnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile):
6. Seo a leanas straitéisí na scoile chun iompar bulaíochta a imscrúdú, chun obair leantach a dhéanamh ina dtaobh agus chun iompar bulaíochta a thaifeadadh mar aon leis na straitéisí idirghabhála bunaithe a úsáidfidh an scoil chun déileáil le cásanna d’iompar bulaíochta (Féach Roinn 6.8 de na Gnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile):
43
7. Seo a leanas clár tacaíochta na scoile do dhaltaí a ndearnadh bulaíocht orthu: (Féach Roinn 6.8 de na Gnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile):
8. Maoirseacht agus Monatóireacht Éifeachtach ar Dhaltaí
Deimhníonn an Bord Bainistíochta go bhfuil beartais agus cleachtais chuí mhaoirseachta agus monatóireachta i bhfeidhm chun iompar bulaíochta a chosc agus chun déileáil leis agus chun idirghabháil luath a éascú más féidir.
9. An Ciapadh a Chosc
Deimhníonn an Bord Bainistíochta go ndéanfaidh an scoil, de réir a oibleagáidí faoin reachtaíocht chomhionannais, gach beart is indéanta go praiticiúil chun daltaí agus baill foirne a chosaint ar chiapadh gnéasach agus ar chiapadh ar aon cheann de na naoi bhforas, mar atá inscne lena n-áirítear trasinscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, treoshuíomh gnéasach, reiligiún, aois, míchumas, cine nó ballraíocht den Lucht Siúil.
10. Ghlac an Bord Bainistíochta an beartas seo an _____________________ [dáta].
11. Tá an beartas seo ar fáil do phearsanra na scoile, foilsíodh é ar shuíomh Gréasáin na scoile (nó mura bhfuil suíomh ag an scoil, tá sé ar fáil ar shlí eile do thuismitheoirí agus do dhaltaí ar iarratas) agus do Chumann na dTuismitheoirí (más ann dó). Cuirfear cóip den bheartas seo ar fáil don Roinn agus do phátrún na scoile má iarrtar é.
12. Athbhreithneoidh an Bord Bainistíochta an beartas agus a fheidhmiú uair amháin i ngach scoilbhliain. Cuirfear fógra scríofa gur athbhreithníodh beartas frithbhulaíochta na scoile ar fáil do phearsanra na scoile, foilseofar é ar shuíomh Gréasáin na scoile (nó mura bhfuil suíomh ag an scoil, cuirfear é ar fáil ar shlí eile do thuismitheoirí agus do dhaltaí ar iarratas) agus do Chumann na dTuismitheoirí (más ann dó). Cuirfear taifead den athbhreithniú agus a thoradh a chur ar fáil don phátrún agus don Roinn, leis, má iarrtar é.
Sínithe: ____________________________________ Síniú: ___________________________ (Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta) (Príomhoide)
Dáta: _______________ Dáta: __________________
Dáta an chéad athbhreithnithe eile: _______________
44
Aguisín 2 Leideanna praiticiúla ar conas cultúr dearfach scoile a chothú Seo a leanas roinnt leideanna praiticiúla a d’fhéadfadh cabhrú le scoileanna cultúr dearfach scoile a chothú agus iompar bulaíochta a chosc agus dul i ngleic leis.
Tabhair dea-shampla d’iompar ina léirítear meas do gach ball de phobal na scoile i ngach caidreamh a bhíonn agat leo. Múin do na daltaí go sainráite an rud is teanga a léiríonn meas agus iompar a léiríonn meas ann, an tslí ina gcuirtear in iúl é, an tionchar a bhíonn aige sa seomra ranga agus ar fud na scoile. Cuir teachtaireachtaí láidre measa ar taispeáint sa seomra ranga, in áiteanna tionóla agus ar fud na scoile. Bíodh na daltaí bainteach le dréachtú na dteachtaireachtaí. Beir orthu agus iad á n-iompar féin i gceart – tabhair aird ar an gcineál iompair atá uait agus mol é nuair a fheiceann tú é. Téigh i ngleic ar shlí chomhsheasmhach le haon teanga idirdhealaitheach agus maslach a úsáidtear sa scoil – áirítear air sin teanga homafóbach agus ciníoch agus teanga a dhéanann beag is fiú de dhaltaí atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Tabhair aiseolas cuiditheach do dhaltaí nuair nach mbíonn iompar agus teanga a léiríonn meas le sonrú uathu. Bíodh córas spreagthaí agus luachanna saothair ann chun iompar inmhianaithe a chur chun cinn mar aon le géilliúlacht do rialacha agus do ghnásanna na scoile. Múin go sainráite do na daltaí conas meáin shóisialta a úsáid ar shlí fhreagrach. Tabhair spreagadh do na daltaí chun géilleadh do rialacha na scoile maidir le húsáid fón póca agus an Idirlín. Déan obair leantach le daltaí nach dtugann aird ar na rialacha. Tabhair ról gníomhach do thuismitheoirí agus/nó do Chumann na dTuismitheoirí i bhfeachtais chun feasacht mar gheall ar mheáin shóisialta a mhúscailt. Leag béim ar an gceart atá ag gach duine i bpobal na scoile ar a bheith slán sábháilte sa scoil. Múin rialacha na scoile go sainráite sa seomra ranga agus in áiteanna tionóla i dteanga a thuigfidh na daltaí, agus cuir béim ar na rialacha sin. Féadann gach ball foirne a bheith san airdeall chun aon iompar bulaíochta a thabhairt faoi deara. Cinntigh go bhfuil dóthain maoirseachta sa chlós agus lasmuigh den scoil. Féadann foireann na scoile comhairle a fháil ó na daltaí faoi na háiteanna is mó ina dtarlaíonn bulaíocht agus faoi na hamanna ag a dtarlaíonn sé. Is gnách do na háiteanna is mó ina dtarlaíonn bulaíocht a bheith sa chlós agus lasmuigh den scoil, i seomraí gléasta, i ndorchlaí agus in áiteanna eile inar beag maoirseacht a dhéantar. Is gnách bulaíocht a bheith coitianta nuair nach mbíonn maoirseacht struchtúrtha ann, mar shampla nuair a bhíonn daltaí sa chlós nó ag athrú seomraí ranga. Tacaigh le bunú comhairlí scoile agus lena gcuid oibre.
45
Aguisín 3 Teimpléad chun iompar bulaíochta a thaifeadadh
1. Ainm an dalta a bhfuil bulaíocht á déanamh air/uirthi agus a rang-ghrúpa
Ainm _________________________________________Rang__________________
2. Ainm(neacha) agus rang(anna) an dalta/na ndaltaí atá ag gabháil d’iompar bulaíochta _________________________________________________________________________________ _________________________________________________________________________________ _________________________________________________________________________________
3. An t-iompar is ábhar buartha/imní (ticeáil an bosca/na boscaí ceart(a)*
4. An áit ar tharla an teagmhas/na teagmhais (ticeáil an bosca/na boscaí ceart(a)* An dalta i dtrácht Clós Dalta eile Seomra ranga Tuismitheoir Dorchla/pasáiste Múinteoir Leithris Eile Bus Scoile Eile 5. Ainm an té/na ndaoine a thuairiscigh an t-údar imní bulaíochta
6. Cineál an iompair bhulaíochta (ticeáil an bosca/na boscaí ceart(a)* Ionsaitheacht Fhisiciúil Cibearbhulaíocht Dochar do mhaoin Imeaglú Aonrú/Eisiamh Cúlchaint mhailíseach Ainmneacha maslacha a thabhairt ar dhuine: Eile (tabhair do thuairim)
7. I gcás iompair a bhféachtar air mar bhulaíocht bunaithe ar aitheantas, tabhair an chatagóir lena mbaineann:
Homafóbach Míchumas/bainteach le riachtanais speisialta oideachais
Ciníoch Ballraíocht den Lucht Siúil
Eile (sonraigh)

8. Cur síos gairid ar an iompar bulaíochta agus ar a thionchar
9. Sonraí na mbeart a rinneadh
Sínithe ______________________________ (Múinteoir Ábhartha) Dáta ___________________________
An Dáta a cuireadh é ar aghaidh chuig an bPríomhoide/Leas-Phríomhoide * Nóta: Catagóirí molta is ea na catagóirí i dtáblaí 3, 4 & 6 agus féadfaidh scoileanna iad a leasú nó catagóirí eile a chur leo.
46
Aguisín 4 Seicliosta le haghaidh athbhreithniú bliantúil ar an mbeartas fhrithbhulaíochta agus ar a fheidhmiú Ní mór don Bhord Bainistíochta (an Bord) athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar bheartas frithbhulaíochta na scoile agus ar an tslí ina gcuirtear chun feidhme é. Ní mór an seicliosta seo a leanas a úsáid san athbhreithniú. Áis is ea an seicliosta d’athbhreithniú an bheartais ach ní seicliosta uileghabhálach é. Ní mór na rudaí seo a leanas a chur i gcrích chun an seicliosta a chomhlánú: scrúdú agus athbhreithniú ar anailís chainníochtúil agus ar anailís cháilíochtúil ar eilimintí éagsúla d’fheidhmiú bheartas frithbhulaíochta na scoile. Tá/ Níl An bhfuil beartas frithbhulaíochta a ghéilleann go hiomlán do riachtanais Ghnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile glactha ag an mBord go foirmiúil?
An bhfuil an beartas foilsithe ar shuíomh Gréasáin na scoile agus cóip curtha ar fáil do chumann na dtuismitheoirí? An bhfuil sásta go bhfuil go bhfuil an beartas ar fáil d’fhoireann na scoile (agus foireann nua san áireamh)? An bhfuil an Bord sásta go bhfuil dóthain eolais ar an mbeartas agus ar na gnásanna ag foireann na scoile chun iad a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go comhsheasmhach ina gcuid oibre laethúla? An bhfuil an Bord sásta go bhfuil dóthain eolais ar an mbeartas ag na daltaí?
An bhfuil an Bord sásta gur doiciméadaíodh sa bheartas na straitéisí coiscthe agus oideachais a bheidh i bhfeidhm sa scoil? An bhfuil an Bord sásta gur cuireadh gach straitéis coiscthe agus oideachais chun feidhme?
Ar scrúdaíodh a éifeachtaí atá na straitéisí coiscthe agus oideachais atá curtha chun feidhme?
An bhfuil an Bord sásta go bhfuil na múinteoirí ar fad ag taifeadadh agus ag déileáil le teagmhais bhulaíochta de réir an bheartais? An bhfuil an Bord sásta go bhfuair an Bord na tuairiscí achoimre tréimhsiúla ón bPríomhoide agus ar glacadh miontuairiscí maidir leo? An bhfuil an Bord sásta gur pléadh a fheabhas atá an scoil ag láimhsiú tuairiscí bulaíochta lena náirítear teagmhais bhulaíochta ar déileáladh leo ag céim luath agus nach bhfuil ar áireamh, mar sin, i dtuairisc thréimhsiúil an Phríomhoide? An bhfuil an Bord sásta nach bhfuarthas aon ghearán ó thuismitheoirí maidir leis an tslí ina láimhsíonn an scoil teagmhais bhulaíochta? An bhfuil an Bord sásta nár thóg tuismitheoir ar bith a páiste amach as an scoil á rá go raibh siad míshásta leis an tslí inar láimhsigh an scoil cás bulaíochta? An bhfuil an Bord sásta nach ndearna Ombudsman na Leanaí imscrúdú ar an tslí inar láimhsigh an scoil cás bulaíochta a thionscain nó a thabhairt chun críche? An bhfuil an Bord sásta go ndearnadh anailís ar na sonraí a fuarthas ó chásanna a tuairiscíodh don Phríomhoide (leis an teimpléad taifeadta bulaíochta) chun aon cheisteanna, treochtaí nó patrúin in iompar bulaíochta a shainaithint? An bhfuil an Bord sásta nár aithníodh aon ghnéithe de bheartas na scoile agus/nó a fheidhmiú a dteastaíonn feabhsú breise orthu? An bhfuil plean gníomhaíochta i bhfeidhm ag an mBord chun díriú ar aon réimse ina dteastaíonn feabhsú?
Síniú _____________________________________ Dáta ________________ Cathaoirleach, an Bord Bainistiochta
Síniú _____________________________________ Dáta ________________ Príomhoide
47
Fógra maidir le hathbhreithniú bliantúil an Bhoird Bhainistíochta ar an mbeartas frithbhulaíochta
Chuig: _____________________________________
Is mian leis an mBord Bainistíochta i _______________________ na nithe seo a leanas a chur in iúl duit:
o Tugadh athbhreithniú an Bhoird Bhainistíochta ar bheartas frithbhulaíochta na scoile agus a fheidhmiú chun críche ag cruinniú an Bhoird den ______________________ [dáta].
o Rinneadh an t-athbhreithniú i gcomhréir leis an seicliosta atá leagtha amach in Aguisín 4 de na Gnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile.
Síniú _____________________________________ Dáta ________________ Cathaoirleach, an Bord Bainistiochta
Síniú _____________________________________ Dáta ________________ Príomhoide