Clár Caidrimh Baile, Scoile & Pobail
Cáipéis Pholasaí Choláiste CholmciIle

 

Raiteas Misean

Is é an sprioc atá an an gclár Caidrimh Baile,Scoile & Pobail ná an
comhcheangal idir scoil, baile agus eagrais phobail áirithe a chothú, a neartú
agus a chur chun cinn. Cuireann an clár le dul chun cinn oideachasúil an
scoláire. Tá sé dírithe ach go háirithe orthu siúd atá i mbaol titim amach as
an gcóras oideachais gan a gcumas a bheith bainte amach acu.

Is é aidhm an chláir freisin ná comhphairtíocht a chruthú agus a bhuanú idir
an scoil, an baile agus an pobal (rud a dhéanfas tairbhe do na scoláirí).

Aidhmeanna an Chláir Chaidrimh Bhaile,Scoile & Phobail

Breathnaíonn an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar an gclár seo mar
achmhainn a dhírítear ar theaghlaigh imeallacha an cheantair scoile. Tá an
clár bunaithe ar an teoiric agus ar an gcleachtadh comhpháirtíochta idir
tuisrnitheoirí, múinteoirí, scoláirí agus an pobal áitiúil. Is clár tacaíochta é
atá dírithe ar na daoine fásta i saol an duine óig; bíodh sin
tuismitheoirí/caomhnóirí nó múinteoirí/oibrithe pobail. Is iad dhá phríomh
sprioc an chláir ná :

  • An tuismitheoir a fhorbairt mar an phríomh oideachasóir laistigh den
    chomhthéacs Baile & Pobail.
  • Tacú le bainistíocht agus le múinteoirí na scoile chun timpeallacht na
    scoile a chothú mar áit gur féidir leis an duine óg a chumas iomlán a
    bhaint amach.

Ró1 an Chomhordaitheora

Seo leanas réimsí oibre an chomhordaitheora

  • Cuairteanna Baile: Tugann an comhordaitheoir cuairt ar theaghlaigh
    imeallacha an cheantair agus orthu siúd a dteastaíonn tacaíocht uathu
    ina ról mar thuismitheoir. Cabhraíonn sé seo le nasc níos láidre a
    chruthú idir baile agus scoil, agus le haon dushlán nó deacracht a
    shárú chomh luath agus is féidir.
  • Cruinnithe: Bíonn cruinnithe rialta leis an bpríomhoide, an múinteoir
    gairmthreorach/cornhairleach, an múinteoir tacaíochta, múinteoirí

 

bliana/ranga chun aon eolas cuí a roinnt lena chéile/faoí rún agus le
cead an tuismitheora).

  • Cúrsaí do thuismitheoirí: Tugann na cúrsaí seo muinín don
    thuismitheoir, láidríonn siad an nasc idir an baile agus an scoil, agus
    bíonn an-éifeacht acu seo ar an duine óg (an rud a fheictear srl).
  • Coiste Áitiúil: Is é sprioc an choiste áitiúil ná ábhar atá bainteach leis
    an scoil a aithint ag leibhéal an phobail áitúil. Bíonn tionchar ag rudaí
    go leor ar fhoghlaim an duine óig agus déantar iarracht teacht ar
    bhealaí chun na nithe seo a réiteach trí thuismitheoirí/ foireann na
    scoile/scoláirí agus an pobal áitiúil ag obair as lámha a chéile.
  • Buanú Polasaí: Oibríonn múinteoirí, tuismitheoirí agus scoláirí le
    chéile ar fhorbairt pholasaithe éagsúla na scoile. Bíonn chuile pháirtí
    ag déanamh a gcuid féin den pholasaí.
  • Eagrais Áitiúla: Oibríonn an comhordaitheoir le heagrais áitiúla, stáit,
    agus deonacha chun tacú le tuismitheoirí agus scoláirí.
  • Cruinnithe Craoibhe: Tarlaíonn cruinnithe teaghlaigh agus áitiúla uair
    sa mhí agus an cruinniú réigiúnda uair sa téarma. Roinntear eolas
    agus faisnéis ag na cruinnithe seo, tugtar tacaíocht do chomhleacaithe
    agus eagraítear cúrsaí, Bíonn na comhordaitheoirí i gcónaí ag iarraidh
    barr feabhais a ehur ar an scéim.
  • Cúrsaí inseirbhíse: Bíonn cúrsaí inseirbhíse ar siúl go rialta i mBaile
    Átha Cliath leis an gcomhordnóir náisiúnta Dr. Concepta Conaty.

Pleanáil, Monatóireacht agus cur i bhfeidhm an chláir.

Tarlaíonn pleanáil, monatóireacht agus measunú ar an gclár go rialta.
Déantar tuairisciú mhíosúil ar obair an chomhordaitheora a sholáthar don
phríornhoide . Déantar measunú bhliantúil ar an gclár leis an
gComhordaitheoir Scoile, an Príomhoide agus an Comhordaitheoir
Náisiúnta (nó a Leas) nuair a thagann siad le chéile ag an scoil.

Faofa ag Coiste Gairmoideachais Cho. na Gaillimhe 29/01/09